Carraig an Tobair
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is sráidbaile beag, 10 km taobh thoir theas de baile An Cabhán, é Carraig an Tobair. Is é an t-aon sráidbhaile i pharóiste An Dinn. Tá conaí ag tuairim is fiche duine sa sráidbhaile.
[athraigh] Suíomh
Tá Carraig an Tobair suite ar an bóthar a ceanglaíonn Baile Shéamuis Dhuibh leis An Chabháin ag domhanleithead 53° 55′ 8″ thuaidh, domhanfhad 7° 15′ 45″ thiar. Tá sé 115 m os cionn leibhéal na farraige. Ag féachaint i dtreo An Chabháin feictear Sliabh Glath (319 m árd) tuairim is 4 km i gcéin.
[athraigh] Ainm
Sna chnoic creagacha taobh thuaidh den tsráidbhaile, atá an t-ainm "Charlie's Rocks" orthu, tá tobar ann agus is ón tobar sin atá ainm an tsráidbhaile tógtha. Deirtear gur chaith an Naomh Pádraig tréimhse anseo agus, dár le fínscéal áitiúil, nuair a bhí Pádraig ann chuir a chapaill a chos ar ceann de na carraigeacha in aice leis an tobar le a leithéad de bhrú gur d'fhág lorg a chrú capaill ina dhiaidh.
Is é Crosskeys an t-ainm atá ar an sráidbhaile sa Sacsbéarla. Cúpla céad bliana ó shin bhí clog gréine ann agus samhail dhá eochair air. Tugtar ainm an tsráidbhaile ón samhail sin.
[athraigh] Áiseanna
Lastigh teorainneacha an tsráidbhaile, tá scoil náisiúnta, trí tithe tábhairne agus ionad acmhainne. Bunaíodh an scoil i 1978 nuair a tháinig na scoileanna a raibh sa pharóiste le chéile. Múineann seisear múinteoirí sa scoil. Is iad "The Carraig Springs", "The Crosskeys Inn" agus "McCaul's" na hainmneacha atá ar na tithe tábhairne. Tógann an céad ceann dóibh a ainm ón tobar céanna thuasluaite. Tá club oíche sa "Springs" gach deireadh seachtaine. Sna nóchadaí bhí tarraingt mór ag an "Springs" le daoine ag teastail ó Granárd i gContae an Longfoirt, Ceanannas i gContae na Mí agus ó áiteanna éagsúla i gContae Fhear Manach chomh maith le gach áit i gContae an Chabháin ach feictear laghdú sna sluaite ar feadh na "náididí". Tá oifig an phoist an tsráidbhaile suite in aice leis an teach tábhairne sin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.