Static Wikipedia February 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu

Web Analytics
Cookie Policy Terms and Conditions Corcaigh - Vicipéid

Corcaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Corcaigh
Íomhá:Ireland map County Cork.png
Íomhá:Town_in_Ireland.png
Achar: 37.3 km²
Contae: Corcaigh
Daonra: 123,062 (2002)
Cúige: An Mhumhain

Is í Corcaigh (nó Cathair Chorcaí) an tarna cathar is mó i bPoblacht na hÉireann agus an triú is mó ar oileán na hÉireann. Is í príomhchathair Chontae Chorcaí agus Chúige Mumhan í fosta. Tá an chathair suite cois Cuan Chorcaí agus na Laoi in iar-dheisceart na hÉireann, ag 51°54’ N agus 8°28’ W. Is í an Laoi príomhabhainn an cheantair, agus í ag rith trí Chathair Chorcaí. Tá lár-na-cathrach bunaithe ar oileán idir dhá craobh an Laoi, sula ritheann sí go hinbhear Loch Machain agus ar aghaidh ansan go Cuan Chorcaí, - ceann des na cuain nádúrtha is mó ar domhain. Is calafort tábhachtach í Corcaigh, agus go leor céanna agus dúganna suite in oirthear na cathrach. Tá 163,000 duine ina cónaí i gCorcaigh (186,239 go léir sa mhórcheantar). Tá 324,767 duine ina gcónaí taobh amuigh den chathair i gContae Chorcaí (de réir daonáireamh 2002).

Tagann an tainm ‘Corcaigh’ ón nGaeilge, is sean focal Gaeilge í do phortach (s.s. i nGaeilge an-lá-inniu tugfá 'Portaigh' no 'Na Réisc' uirthi). Is tagairt é seo den tsórt tír atá le fáil ar bhruacha an Laoi - tá cliú ar cathar Chorcaí i dtaobh tuilte móra a dheineann praiseach ceart de lár-na-catharach - nuair a bhíonn barr na taoide agus báisteach trom ann . Tá an-cháil ar Chontae agus cathar Chorcaí ó thréimhse na Lochlannach ó thaobh tírghrá. Dá bharr seo, tugtar and leasainm na Rebels ar mhuintir Chorcaí go minic. Tá sé de nós ag muintir cathar Chorcaí "an fhíor-phríomhchathair" a thabhairt mar cur síos ar Corcaigh féin. Tá sé seo le feiceáil chomh maith ó thaobh léinte-T agus rudaí ar nós "Daonphoblacht Chorcaí" scríte orthu. Tá suíomh gréasán ar a dtugtaí "Peoples Republic Of Cork" atá bhunaithe ar an mhion-tírghrá seo atá cáiliúil go leor i measc imircigh agus pobail an chondae féin.

Mana: Statio Bene Fide Carinis (Áit slán do longa)

Clár ábhair

[athraigh] Stair

Ritheann an Laoi trí lár an bhaile atá lonnaithe ar oileán san abhainn
Ritheann an Laoi trí lár an bhaile atá lonnaithe ar oileán san abhainn

B'é Naomh Fionnbarra a bhunaigh an cathar agus a thóg mainistir ar a bruacha. Thug na Sasnaigh cairt do Chorcaigh, agus b'é Eoin, Rí Shasana a dhein é seo, sa bhliain 1185. Is iomaí uair a ath-tógadh an cathair, tar éis toiteáin agus ionsaithe na Lochlannaigh, na Normanaigh agus níos déanaí na Sasnaigh. Tráth dá raibh, bhí an chathair féin teóranta ag fallaí, agus tá cuid des na fallaí seo, fós le feiceáil - chomh maith le geataí ón dtréimhse chéanna. Sa bhliain 1318 a cuireadh tús le teideal agus post "Maor Chorcaí", agus is ón mbliain 1900 ar aghaidh atá "Ard-Maor" freagarthach as riaracháin na cathrach.

Droichead Naomh Pádraig i lár na cathrach
Droichead Naomh Pádraig i lár na cathrach

Sa bhliain 1921, do dhó na Dúchrónaigh lár-na-cathrach go talamh le díoltas a bhaint amach do's na luíocháin a cuireadh rompu lasmuigh den chathair níos luaithe ar an lá céanna. B'é seo an polasaí a bhí ag lucht rialtais na Breataine Móire san am. Chuir na hÓglaigh agus na saighdiúirí Sasanacha an-troid ar a chéile i gContae Chorcaí i rith Chogadh na Saoirse. Le linn an Chogaidh Chathartha, bhí na fórsaí frith-Chonartha i seilbh na háite ar feadh tamaill, go dtí gur ionsaigh arm an tSaorstáit an contae ón bhfarraige.

[athraigh] Áiteanna Spéisúil

Ardeaglais Naomh Barra
Ardeaglais Naomh Barra
Ardeaglais Naomh Mhuire – Cloig an tSean-Dúin
Ardeaglais Naomh Mhuire – Cloig an tSean-Dúin

Tá dhá ardeaglais sa chathair:

  • Ardeaglais Naomh Mhuire
  • Ardeaglais Naomh Barra


Tá Teach Ceoldráma Chorcaí ar an mbeagán tithe ceoldrámadóireachta in Éirinn. Go luath sa chéad seo, tugadh ollchóiriú don áit, nó cuireadh gloine in ionad na mbrící ar thaobh tosaigh an fhoirgnimh le cosúlacht níos nua-aimseartha a chur air.

I gcoitinne, níl foirgníocht na cathrach puinn níos measa ná Baile Átha CliathBéal Feirste. Is í Sráid Phádraig príomhshráid Chorcaí. Sa bhliain 2004, tháinig deireadh ar oibreacha nuachóirithe na sráide, agus cosáin nua leathana curtha léi anois. Tá cruth na nathrach ar an tsráid a théann thar cheann de na haibhneacha a ritheann tríd an gcathair. Aibhinne tábhachtach eile i lár na cathrach is ea í Sráid an Chapaill Bhuí, sráid atá maisithe le línte crann, agus an-chuid oifigí agus institiúidí airgeadais suite ina cois, chomh maith le páirc dheas. Tá an sean-lárionad airgeadais suite ar an Mál Theas, agus cúpla foirgneamh baincéireachta ansin ón naoú céad déag ar fiú cuairt a thabhairt orthu ar chúiseanna ailtireachta, go háirithe Banc-Aontas Éireann, iar-fhoirgneamh stocmhalartáin. Tá cosúlacht an tSeoirseachais ar go leor de na foirgnimh is feiceálaí sa chathrach, ach is eisceacht shuntasach é Tá an-chuid dos na foirgnimh sa chathair tógtha i stíl Rí Seoirse, ach is eisceacht suntasach é Halla an Chontae, nó is é an foirgneamh is airde in Éirinn. Díreach ar aghaidh an halla anonn, ar an taobh eile den abhainn, tá an foirgneamh is faide in Éirinn, Ospidéal na Meabhairghalar, agus é tógtha sa ré Victeoiriach.

Is í Eaglais Mhuire sa Sean-Dún ceann des na foirgnimh is cáiliúla i gCorcaigh, agus an dóigh a dtarraingíonn a túr súil na ndaoine air féin agus é ina sheasamh i dtuaisceart na cathrach lena thúr suntasach. Tá dá thaobh de déanta de gaineamhchloch dearg, agus an dá ceann eile de aolchloch, a fhaightear go fairsing sa cheanntar. Tá clog ag gach aghaidh den túr agus, tráth dá raibh, am difriúl ag gach ceann acu. Mar sin, tugadh an leasainm an “'Four-faced Liar'” air. Is feidir le cuairteoirí na cloig a bhualadh agus dreapadh suas go barr an túr chun radharc iontach thar an cathair a fháil.

Halla na cathrach san oíche cois Laoi
Halla na cathrach san oíche cois Laoi

Is foirgneamh iontach eile é Halla na Cathrach atá déanta as aolchloch chomh maith. Is ionadúchán é don leagan bunaidh a dóiteadh ag fórsaí Sasanaigh ins an coimhlint i rith 1920-21. D'íoc rialtas na Breataine as a chostas sna triochaidí mar chomhartha réitigh.

Teach cúirte Chorcaí – foirgneamh suntasach, aolchloch eile agus nuachóirithe ag tús an 21ú chéad
Teach cúirte Chorcaí – foirgneamh suntasach, aolchloch eile agus nuachóirithe ag tús an 21ú chéad

Is fiú cuairt a thabhairt ar Pháirc Mhic Ghearailt atá suite taobh thiar den chathair, chomh maith le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, i ngar leis, iad ar aon ar bhruach na Laoi.

Is feidir le duine dul isteach go Margadh na Sasanaigh ó Sráid an Chapaill Bhuí, Sráid Phádraig, Sráid Olivéir Pluincéid, nó Sráid an Phrionsa. Is margadh clúdaithe é ina bhfuil iasc, torthaí, feoil, spíosraí, agus shó-bia ar fáil. Bunaíodh an mhargadh i 1610 agus tagann an foirgneamh reatha ó 1786. Dóiteadh agus athbhunaíodh é i rith na h-ochtóidí.

[athraigh] Cultúr

Cé nach bhfuil daonra Chorcaí rómhór, tá saol bríomhar cultúrtha aici. Tá páirt mhór ag an gceol, an amharclannaíocht, an rince, agus an scannánaíocht i saol na cathrach. Tugann Ceolscoil Chorcaí agus Coláiste Ealaíne agus Dearthóireachta Crawford oiliúint d'ealaíontóirí nua na cathrach, agus aisteoirí úra ag teacht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá Amharclann Corcadorca suite i gCorcaigh chomh maith, an áit ar thosaigh Cillian Murphy, an t-aisteoir a rinne páirt an chladhaire ar an scannán Batman Begins sa bhliain 2005). Tugann Féile Scannán Chorcaí tacaíocht don scannánaíocht, an ghearrscannánaíocht thar aon chineál eile. Tá Institiúid na Córagrafaíochta agus an Damhsa lonnaithe i gCorcaigh chomh maith, gan trácht a dhéanamh ar Ionad Ealaíon Triskel. Ceiliúrtar Féile Snagcheoil Chorcaí sa chathair i Mí Dheireadh Fómhair, gach bliain.

Tá borradh ag teacht faoi chúrsaí ealaíne sa chathair le déanaí, ó rinneadh fairsingiú ar an teach ceoldrámaíochta agus ar dhánlann bhardasach Crawford. Bunaíodh dánlann nua, agus í ainmnithe as Lewis Gluckman, i bhFómhar na bliana 2004. Tá an dánlann seo suite ar thailte Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh, agus bhí an foirgneamh féin ar an ngearrliosta do Dhuais Stirling, duais thábhachtach foirgníochta sa Ríocht Aontaithe. Sa bhliain 2005, tosaíodh ag tógáil ceolscoile nua, chomh maith.

Sa bhliain 2005, rinne Corcaigh ról na Príomhchathrach Cultúrtha san Eoraip. Ceann de na tionscadail is tábhachtaí a raibh baint acu le céim na Príomhchathrach Cultúrtha ab ea é Cork Caucus. Cruinniú agus fóram do scríbhneoirí, ealaíontóirí, fealsúna agus daoine cruthaitheacha eile a bhí ann, 60-80 duine acu ar fad, agus iad ag teacht le chéile sa chathair le linn shamhradh na bliana céanna chun cúrsaí cultúir, polaitíochta agus ealaíne i gCorcaigh a phlé in éineacht.

[athraigh] Na Meáin Cumarsáide

Tá sraith mhaith de staisiúin raidió le cloisieáil i gCorcaigh ar an mbanda minicíochta FM, mar atá: RTÉ Radio 1, 2FM, Lyric FM, agus Raidió na Gaeltachta. Is le RTÉ na cinn seo ar fad. Thairis sin, tá Today FM ann, chomh maith le go leor staisiúin áitiúla, ar nós Cork 96FM, CUH FM, agus Red FM. Tá an Irish Examiner lonnaithe i gCathair Chorcaí freisin, ar Shráid an Acadaimh i lár na cathrach. Ceann de na nuachtáin is mó le rá in Éirinn atá ann. Is leis an teach foilsitheoireachta céanna an Evening Echo chomh maith. Nuachtán tráthnóna atá ann agus an-ráchairt air. Tá nuachtáin áitiúla nó réigiúnda eile á bhfoilsiú sa chathair chomh maith.

Tá dhá stáisiún teilifíse ag obair i gCorcaigh. Tá RTÉ Corcaigh ag craoladh ó Shráid an Athara Maitiú i lár na cathrach. Tá a leithéid ann agus South Coast TV ann, leis, agus é ag freastal ar mhuintir dheisceart na hÉireann.

[athraigh] Siopaí

Tá éagsúlacht mhór siopaí i gCorcaigh idir ionaid siopadóireachta nua-aimseartha agus ceardsiopaí beaga atá á reachtáil ag muintir an tsiopadóra agus ag díol earraí lámhdhéanta dá ndéantús féin. siopaí áitiúla. Tá an faisean is déanaí ó Milano agus Páras le fáil i bhformhór na siopaí ilranna sa chathair, agus ollionaid siopadóireachta suite sna bruachbhailte, ar nós An Linn Dhubh, Dúghlas, Wilton, agus Machain. Is í Sráid Phádraig an phríomhsráid siopadóireachta sa chathair. Tá sí ar an dara sráid is airde cíos in Éirinn, agus í ag teacht sna sálaí ag Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath.

[athraigh] Tionscal

Is é Corcaigh an suíomh don tionscal i ndeisceart na hÉireann agus is iad táirgí cógaisíochta an tionscal is tábhachtaí – is iad Pfizer Inc. ó Meiriceá (lean tháirge cáiliúl Viagra) agus Novartis ón Eilvéis na fostóirí is mó sa cheantar. Tá ceanncheathrú na hEoraipe den chomhlacht Apple lonnaithe sa chathair chomh maith ina dhéantar ríomhairí deisce –tá call centre Eorpach suite ann ina theannta. Faightear grúdlann Murphy's agus grúdlann Beamish and Crawford sa chathair chomh maith. I nglúinte fada bhí an Ford Motor Company lonnaithe cois Laoi roimh a dhúnadh i rith na h-ochtóidí. Roghnadh Corcaigh mar ceanncheathrú do Ford ar dtús mar rugadh seanathair Henry Ford sa chontae. Inniú, tá an-chuid den shean-tionscal imithe agus a lán daoine fostaithe in ionaid I.T. Inniú, tá Corcaigh ag dul chun cinn de bharr cúiseanna éagsúla. Is é an chéad fáth ná go bhfuil cuan mór, nádúrtha ag Corcaigh a thugann caoi do longa de gach sórt teacht i ngar don chathair – mar sin, tógtar amábhar isteach agus cuirtear táirgí amach gan stró. Ag an am céanna, tugann Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí rochtain don Eoraip. Ina theannta seo, tá coláistí agus oll-scoileanna tríú-leibhéal sa chathair a chruthaíonn meitheal oibre oilte dos na h-eastáit tionscaile timpeall an chathair.


[athraigh] Nascbailte

Thosaigh Comhairle Cathrach Chorcaí a chéad nasc-chlár le Coventry i 1969. As sin amach, tá naisc eile forbartha ag Corcaigh le cathair eile sa chultúr, oideachas, turasóireacht, eolaíocht agus eacnamaíocht:

[athraigh] Cóir Iompair

[athraigh] Aeriompar

Is é Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí ceann dos na h-aerfoirt is mó in Éirinn agus geata do deisceart na hÉireann. Tá an aerfort suite taobh theas den chathair i mBaile Garbháin. Gabhann níos mó ná cúig déag aerlínte go níos mó ná caoga ceannionaid in Éirinn, san Ríocht Aontaithe agus Mór-Roinn na hEorpa; bhain 2.254m paisinéirí úsáid as an aerfort i 2004. Faoi láthair, tá críochfort nua á thógadh ag Aerfort Chorcaí a mbeidh in ann déileáil le 5m paisinéirí gach blian. Tá ról faoi leith ag an aerfort i bhforbairt Cathair Chorcaí, an contae agus an ceantar máguaird. Le déanaí (2005), tá eitilt díreach bunaithe idir Corcaigh agus Nua-Eabhrac.

[athraigh] Busiompar

Cuireann Bus Éireann, an comhlact náisiúnta, seirbhís cathrach ar fáil agus nascann sé an cathair leis an contae agus an náisiún; tá an busáras i gCorcaigh suite i bPlás Parnell. Tá nasc speisialta idir an aerfort agus an busáras, agus is feidir taisteal gach lá leis an seirbhís Eurolines díreach go dtí an Bhreatain agus mór-thír na hEorpa.

[athraigh] Bádanna Farantóireachta

Tá Port Farantóireachta Chorcaí suite i Rinn an Scidigh, 16 chiliméadar taobh theas den chathair cois Chuan Chorcaí. Tugann sé rochtain ar Roscoff (san Fhrainc) le Brittany Ferries agus Swansea (sa Bhreatain Bheag) le Swansea Cork Ferries. Téann bus idir an cathair agus an port. Chomh maith le sin, ceanglaíonn bád farantóireachta na dá taobh den chuan idir Rushbrooke agus An Pasáiste Thiar.


[athraigh] Iarnród

Is é Stáisiún Ceannt an t-aon stáisiún traein sa chathair, agus an conair idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath an ceann is tábhachtaí in Éirinn. Téann an Iarnród Fo-uirbigh Chathair Chorcaí ón stáisiún le seirbhisí soir don Oileán Beag, Oileán Fóite agus An Cóbh, iad go léir suite i gCuan Chorcaí. Tá páirc fiadhúlra lonnaithe ar Oileán Fóite, agus arboretum agus cumann gailf ina theannta. Taobh thuaidh den chathair, téann an iarnród go Magh Eala agus plean ann chun stáisiúin nua a chruthú ar an slí don Bhlárna agus don Mhóin Ard.

[athraigh] Oidhreacht Iarnróid

Ba Chathair Chorcaí ceann dos na cathair in Éirinn le ceangal mór le cúrsaí iarnróid: i gcúrsa a stair, tá an cathair in ann maíomh as ocht stáisiúin. Is é an conair is tábhachtaí (mar a bhí riamh) an ceann le Baile Átha Cliath. Ar dtús, bhí an stáisiún cinn aistir suite ar imeall an chathair sa Dúbh Linn, ach inniú ceanglaíonn Tollán Ghleann Mhaighir an Dúbh Linn le Stáisiún Ceannt i lár na cathrach. Ó Stáisiún Ceannt, tá conair eile leis an An Cóbh, suite ar an Oileán Mór, taobh thoir den chathair i gCuan Chorcaí. Ar aghaidh go deireadh na seachtóidí, bhí Corcaigh ceangailte le Eochaill, cois farraige in Oirthear Co. Chorcaí – fé láthair (2006), tá an rialtas ag smaoineamh faoi ath-oscailt an conair seo go Mainistir na Corann.

Níos luaithe san 20ú aois, bhí a lán conair eile go, nó tríd, Cathair Chorcaí, ina measc Iarnród Chorcaí, An Charraig Dúbh agus An Pasáiste, iarnróid eile go Maigh Chromtha agus An Bhlarna, agus an iarnróid cáiliúil – Iarnróid Oirthear Chorcaí – le ceangal go Beanntraí, an Sciobairín, Cloch na Coillte agus bailte eile. Bhí cinn aistir aige ar Cé Albert ar an taobh thall den Laoi ó Stáisiún Cheannt.

Bhí trambhealach ag Corcaigh go dtí na triochaidaí ón lár go dtí na bruachbailte. Tá rian de le feiceáilt go fóill in ainmneacha áitiúla, mar shampla, Ardán an Trambhealach sa Dúghlas.

[athraigh] Siúl

Tosnaíonn bealach siúil na h-Eorpa E8 i gCorcaigh; tá deireadh leis in Istanbul, 4700 ciliméadar i bhfad.


[athraigh] Oideachas

Is ionad tábhachtach é Corcaigh don oideachas in Éirinn. Is é Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ceann amháin dos na seacht ollscoileanna Éireannach, lonnaithe sa chathair le cúrsaí san Ealaín, Innealtóireacht, Dlí, Míochaine, agus Eolaíocht. Bronnadh an duais "Irish University of the Year" ar an choláiste ag an nuachtán The Sunday Times i 2003–2004 agus 2005-2006. Cuireann Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí cúrsaí difriúil, tríú-leibhéal ar fáil sa Matamaitic, Ríomhairí, Teicneolaíocht an Eolais, Gnó agus Innealtóireacht (Meicniúla, Leictreonach agus Leictreach); tá cúrsaí mara le fáil san institiúid chomh maith. Tá Ceol Scoil Chorcaí agus Coláiste Ealaíne agus Dearthóireachta Crawford ina gcomhaltaí den institiúid mar comhcholáistí. Is é Coláiste Tráchtála Chorcaí an Coláiste iar–Ardteist is mó in Éirinn agus a chuireann an chuid is mó dos na cúrsaí gairmoiliúint ar fáil sa tír.

Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo:

[athraigh] Daoine cailiúla ó Chathair Chorcaí

  • Hugh O'Donel Alexander, imreoir fichille
  • Rory Gallagher, ceoltóir Blues
  • Gerry Healy, polaiteoir trotscaíoch
  • Roy Keane, peileadóir sacair
  • Frank O'Connor, scríbhneoir gearrscéalta
  • John Spillane, ceoltóir traidisiúnta


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu