Cumann Camógaíochta na nGael
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cumann spóirt is ea Cumann Camogaíochta na nGael a chuireann an chamógaíocht chun cinn in Éirinn. Bunaíodh an Cumann i 1904, agus Máire Ní Chinnéide an chéad Uachtarán a toghadh air.
Imríodh an chéad chluiche poiblí camógaíochta faoin gCumann idir Craobh an Chéitinnigh agus Cúchulainn i gContae na Mí. Imríodh an chéad chluiche idir chontaetha sa bhliain 1912. Ba sa bhliain 1930 a himríodh Craobh Chamógaíochta na hÉireann den chéad uair; Baile Átha Cliath a bhuaigh an cluiche sin agus faoin mbliain sin bhí an cluiche camógaíochta á imirt ar fud na dtríocha dó contae in Éirinn.
Faoin mbliain 1934 bhí Craobh na hÉireann sa chamógaíocht dá imirt i bPáirc an Chrócaigh. Neartaíodh an Cumann ar fud na tíre agus faoin mbliain 1974 ghlac an Cumann Camógaíochta páirt i bhFéile na nGael. Bunaíodh Comhairle na mBunscoileanna i 1977 agus ba í Sighle Nic an Ultaigh an chéad Uachtarán ar an gcomhairle. Tá Ardstiúrthóir fostaithe ag an gCumann ó 1980 i leith agus tá oifig acu i bPáirc An Chrócaigh. Faoi láthair tugann Foras na Gaeilge urraíocht do Chraobhchomórtas na hÉireann. Tá baint ag an gCumann le Cumann Lúthchleas Gael.
[athraigh] Nasc seachtrach
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.