Czesław Miłosz
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Czesław Miłosz (30 Meitheamh 1911 - 14 Lúnasa 2004) ina scríbhneoir aistí agus ina fhile liriciúil. Ba chlasaiceach comhaimseartha é de chuid na litríochta Polainnise, agus chaith sé an dara leath dá shaol ar an gcoigríoch, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Scríbhneoir Polainnise a bhí ann a rugadh i Šeteiniai (Szetejny an leagan Polainnise) sa Liotuáin. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Pholainn agus an Liotuáin nuair a bhain an dá stát seo amach a neamhspleáchas i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus i dtús na bhfichidí tháinig fórsaí armtha na Polainne á fhorghabháil faoi cheannas an Ghinearáil Żeligowski: b'ansin a fuair muintir Miłosz iad féin ina bPolannaigh.
Bhí Polainnis ó dhúchas ag Czesław óg, agus mar a léirigh sé ina leabhar dírbheathaisnéise "Rodzinna Europa", d'fhoghlaim sé Liotuáinis faoin tuath agus Rúisis le linn na dtrioblóidí réabhlóideacha i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhí saighdiúirí na Rúise ar fud an cheantair agus iad imithe i bhfiántas. Téama tábhachtach is ea é i scríbhinní Miłosz an caidreamh idir an trí náisiún a labhraíonn na teangacha seo.
Chaith sé an chuid ab fhearr de laethanta a óige i Vilnius (Wilno, as Polainnis) agus i Vársá. Chuaigh sé ar scoil i Vilnius, a bhí forghafa ag na Polannaigh san am, siúd is nár thug na Liotuánaigh aitheantas don ghabháltas seo. Bhí sé de chlaonadh i Miłosz a gcás a thuiscint, agus é ag iarraidh na Polannaigh is na Liotuánaigh a thabhairt in araicis a chéile ina chuid scríbhneoireachta. Bhí dlúthchairdeas idir é agus Tomas Venclova, an file Liotuánach. Ós rud é go raibh dearcadh chomh hilnáisiúnta aige, níor thaithin an náisiúnachas cúng leis riamh. Thuig sé go raibh an t-ilchultúrachas i ndúchas na Polainne, agus chuir sé spéis fhiosrúil i mionlaigh náisiúnta na tíre - na Bílearúisigh, na hÚcráinigh, na Caraímigh, na Giúdaigh, na Tatáraigh, na Liotuánaigh - agus é ag iarraidh a gcultúr is a dtionchar ar an gcomhchultúr Polannach a léarscáiliú ina chuid aistí. Mar fhile, bhí sé faoi thionchar Oscar Venceslas de Lubicz-Milosz, an file Fraincise a bhí gaolmhar leis. Cosúil leis an bhfear óg, bhí Oscar Venceslas sách drochamhrasach i leith an náisiúnachais eisiaigh Pholannaigh, agus é ag roghnú na Liotuáine thar an bPolainn mar thír dhúchais, fiú.
Nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an Pholainn sa bhliain 1939, bhí sé i Vársá, agus nuair a forghabhadh an tír, ghlac sé páirt in obair an airm rúnda ag cur in aghaidh na nGearmánach. I ndiaidh an chogaidh, chaith sé cupla bliain ag obair don rialtas nua Chumannach, ach nuair a d'éirigh leis post taidhleora a bhaint amach, ní raibh mórán moille air seangú leis agus dídean a lorg san Iarthar. Mar sin féin, is iomaí ionsaí a rinne na heisimirceánaigh Pholannacha eile air, ós rud é nach raibh ann, dar leo, ach fealltóir nó tapadóir bradach, agus é ag comhoibriú le drong chomh suarach leis na Stailínigh. Is follasach dúinn inniu nach raibh Miłosz ag comhoibriú leis na Cumannaigh riamh ach amháin le bealach éalaithe a fháil, ach ós rud é go raibh cuid mhaith de na Polannaigh sin - cosúil leis an scríbhneoir Gustaw Herling-Grudziński, "Solzhenitsyn na Polainne" - i ndiaidh seal a chaitheamh i sluachampaí géibhinn Stailín sa tSibéir, ní raibh siad róshásta mórán tuisceana a léiriú do leithéid Miłosz.
Bhí sé i gcónaí faoi thionchar na mblianta i seirbhís na gCumannach, nuair a chrom sé ar an mórshaothar aistíochta agus smaointeachais úd, Zniewolony umysł, nó "An Intleacht i mBraighdeanas", a chur ar pár. Cur síos atá ann ar an dóigh ar chealg an rialtas Cumannach intleachtóirí, cosúil le Miłosz féin, chun comhoibriú. Tharraing Miłosz go mór mór ar shaothar an scríbhneora is an ealaíontóra "avant-garde" Stanisław Ignacy Witkiewicz, "Witkacy" (a chuir lámh ina bhás féin i Meán Fómhair na bliana 1939), ar lorg coincheapa agus téarmaí le tuiscint cheart a fháil ar an gCumannachas Polannach, agus b'é ba toradh leis gur mhuscail an saothar seo le Milosz spéis nua na bPolannach i leabhair "Witkacy" féin, údar bunúil sainiúil a bhí beagnach dearmadta go dtí gur tháinig Zniewolony umysł i gcló.
Is iad na dánta agus na haistí an chuid is tábhachtaí de shaothar Miłosz. Rinne sé féin neamhshuim den dá úrscéal a scríobh sé, mar atá, Dolina Issy, nó "Gleann Issa", agus Zdobycie władzy, nó "Forghabháil na Cumhachta". Úrscéal liriciúil is ea é Dolina Issy a phléann óige an scríbhneora faoin tuath sa Liotuáin. Maidir leis an gceann eile, is é is ábhar dó ná an dóigh ar smachtaigh na Rúisigh an Pholainn i ndeireadh an dara cogadh domhanda, agus na hiarrachtaí díomhaoine a rinne arm rúnda na bPolannach lena dtír a shaoradh ó bhráca na Gearmáine go neamhspleách, gan "chuidiú" ó na Sóivéidigh, le nach mbeadh siocair ag Stailín a chóras féin a chur i bhfeidhm ar an tír.
Sa bhliain 1980, bronnadh Duais Nobel sa litríocht ar Miłosz. B'ansin a daingníodh a stádas mar chlasaiceach comhaimseartha. Is léir go raibh tionchar éigin ag an bpolaitíocht ar an gcomhairle seo, agus an Dlúthpháirtíocht, an ceardchumann neamhspleách, díreach ag rith damhsa i longcheárta Gdańsk faoi cheannas Lech Wałęsa; ach b'olc an mhaise a shéanadh go raibh an duais tuillte ag Miłosz, chomh saibhir, chomh hilghnéitheach agus atá a chuid scríbhinní.