Damien Duff
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peileadóir sacair Éireannach is ea é Damien Anthony Duff, rugadh i mBaile Átha Cliath ar 2 Márta 1979. Tá Duff ag imirt le Newcastle United F.C. i Sasana, agus an fhoireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann chomh maith. Meastar gurb é i measc na peileadóirí Éireannacha is fearr faoi láthair.
In Éirinn, d'imir Duff le St.Kevins', Lourdes Celtic agus Leicester Celtic F.C. sular bhog sé chun imirt le Blackburn Rovers F.C. sa bhliain 1996. Ansin, bhog sé go dtí Chelsea F.C. i 2003. Bhuaigh sé dhá craobh leis an bhfoireann, agus choimeád Duff a áit sa scuaid cé raibh a lán peileadóirí an-rathúil san fhoireann céanna.
Shínigh Duff le Newcastle United F.C. ar 22 Iúil, 2006.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.