Feachtas "Stádas"
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An feachtas ar ar tugadh Stádas, bhí sé idir lámhaibh ag na heagraíochtaí Gaeilge in Éirinn sna blianta 2003-2004, agus é dírithe ar stádas oifigiúil iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. B'é an Dochtúir Pádraig Ó Laighin, a raibh tréimhse fhada caite aige i gCeanada, agus tuiscint aige do pholasaí teanga na tíre, a chuir tús leis an bhfeachtas. Ó thaobh na n-eagraíochtaí Gaeilge de, b'í Aoife Ní Scolaí a rinne an comhordnú. Le linn an fheachtais, tháinig chun solais go raibh Panu Petteri Höglund i ndiaidh aighneacht dá chuid féin a chur ar an Idirlíon ar mhaith leis an gcuspóir, agus bhí sé sásta comhoibriú a dhéanamh leis an bhfeachtas in Éirinn, nuair a chuaigh Aoife Ní Scolaí i dteagmháil leis.
Ar an 24ú lá de Mhí Aibreáin 2004, críochnaíodh an feachtas le mórshiúl trí Bhaile Átha Cliath agus le léirsiú mór os comhair Dháil Éireann, i Sráid Theach Laighean. Bhí thart ar chúig míle duine i láthair ag an ócáid.
Thug an feachtas seo spreagadh do Ghaeilgeoirí óga na hÉireann eagraíocht nua dá gcuid féin, Na Gaeil Óga, a bhunú.
[athraigh] Nascanna seachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.