Joe Steve Ó Neachtain
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scríbhneoir agus aisteoir as Indreabhán, Conamara is ea Joe Steve Ó Neachtain. Tá cáil air le fada an lá i gConamara mar scríbhneoir amhrán, drámadóir, aisteoir, agus craoltóir. Scríobh sé an dráma raidió "Baile an Droichid" do Raidió na Gaeltachta sna 1980idí agus sna 1990idí, agus tá sé le feiceáil ón mbliain 1996 i leith sa sobaldráma Ros na Rún ar TG4. Ghnóthaigh sé go leor duaiseanna i gcomórtais scríbhneoireachta, go háirithe i gComórtas an Oireachtais.
Tá sé ina scríbhneoir bisiúil próis freisin. Thosaigh sé a chaithréim scríbhneoireachta leis an mbailiúchán gearrscéalta úd Clochmhóin. Ina dhiaidh sin, tháinig dhá mhórúrscéal lónléitheoireachta uaidh, mar atá, Scread Mhaidne agus Lámh Láidir.
[athraigh] Naisc
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.