Lady Gregory
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Drámadóir agus béaloideasóir Angla-Éireannach ab ea í Isabella Augusta, Lady Gregory (15 Márta, 1852 - 22 Bealtaine, 1932), née Isabella Augusta Persse. In éineacht le W. B. Yeats agus daoine eile, bhí sí ar duine acu siúd a bhunaigh Amharclann Liteartha na hÉireann sa bhliain 1899, agus Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1904. Scríobh Lady Gregory a lán drámaí do na hamharclanna nua, agus í ag tarraingt ar thobar mhiotaseolaíocht na hÉireann le haghaidh inspioráide.
Clár ábhair |
[athraigh] Saol
Saolaíodh Isabella Augusta Persse do thiarna talún Angla-Éireannach i gContae na Gaillimhe. Fuair sí a cuid oideachais sa bhaile, agus bhí sí go mór faoi thionchar an chailín aimsire Máire Ní Shíoradáin a raibh an Ghaeilge ó dhúchas aici. Ní raibh leabharlann ná lón léitheoireachta sa teach, ós rud é go raibh dearcadh dian reiligiúnda ag máthair Augusta nach gceadódh don iníon a cuid ama a "chaitheamh amú" ag léamh úrscéalta. Mar sin, b'é béaloideas na nGael an t-aon chaitheamh aimsire amháin a bhí ann agus an t-aon spreagadh amháin a tugadh d'fhantaisíocht an pháiste.
Nuair a bhí sí ocht mbliana fichead d'aois, phós sí Sior William Henry Gregory, baintreach fir a bhí cúig bliana déag is fiche ní ba sine ná ise. Bhí seisean tar éis na blianta fada a chaitheamh ina Ghobharnóir ar an Siolón (Srí Lanca), agus é ina iar-Fheisire freisin. Bhí oideachas maith air, agus suim aige i gcúrsaí cultúir agus ealaíontóireachta. Ba mhinic a d'fháiltigh sé chuige daoine de scríbhneoirí agus ealaíontóirí móra na linne, go háirithe ina theach i Londain.
Níor saolaíodh ach aon duine clainne amháin don lánúin, Robert Gregory. Fuair sé bás sa Chéad Chogadh Domhanda, agus é ag troid san Aerchór Ríoga, rud a thug inspioráid don dán An Irish Airman Foresees His Death le Yeats.
[athraigh] Saothair
[athraigh] Drámaí
- Twenty Five (1903)
- Spreading the News (1904)
- Kincora: A Play in Three Acts (1905)
- The White Cockade: A Comedy in Three Acts (1905)
- Hyacinth Halvey (1906)
- The Doctor in Spite of Himself (1906)
- The Canavans (1906)
- The Rising of the Moon (1907)
- Dervorgilla (1907)
- The Workhouse Ward (1908)
- The Rogueries of Scapin (1908)
- The Miser (1909)
- Seven Short Plays (1909)
- The Image: A Play in Three Acts (1910)
- The Deliverer (1911)
- Damer’s Gold (1912)
- Irish Folk History Plays (First Series 1912, Second Series 1912)
- McDonough’s Wife (1913)
- The Image and Other Plays (1922)
- The Dragon: A Play in Three Acts (1920)
- The Would-Be Gentleman (1923)
- An Old Woman Remembers (1923)
- The Story Brought by Brigit: A Passion Play in Three Acts (1924)
- Sancha’s Master (1927)
- Dave (1927)
[athraigh] Saothair eile agus Aistriúcháin
- Arabi and His Household (1882)
- Over the River (1887)
- A Phantom’s Pilgrimage, or Home Ruin (1893)
- ed., Sir William Gregory, KCMG: An Autobiography (1894)
- ed., Mr Gregory’s Letter-Box 1813-30 (1898)
- ed., Ideals in Ireland: A Collection of Essays written by AE and Others (1901)
- Cuchulain of Muirthemne: The Story of the Men of the Red Branch of Ulster arranged and put into English by Lady Gregory (1902)
- Ulster (1902)
- Poets and Dreamers: Studies and Translations from the Irish (1903)
- Gods and Fighting Men (1904)
- A Book of Saints and Wonders, put down here by Lady Gregory, according to the Old Writings and the Memory of the People of Ireland (1906)
- The Kiltartan History Book (1909)
- A Book of Saints and Wonders (1906)
- Our Irish Theatre: A Chapter of Autobiography (1913)
- Kiltartan Poetry Book, Translations from the Irish (1919)
- Visions and Beliefs in the West of Ireland (1920)
- Hugh Lane’s Life and Achievement, with some account of the Dublin Galleries (1921)
- Case for the Return of Sir Hugh Lane’s Pictures to Dublin (1926)
- Seventy Years (1974).
[athraigh] Naisc sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.