Limistéar an euro
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is críoch airgeadra í limistéar an eoró a thugann le chéile tíortha an Aontais Eorpaigh a ghlac leis an eoró mar airgeadra coitianta. Cruthaíodh an chríoch i 1999 le aon tír déag, agus tugadh isteach an Ghréig i 2001 mar gur lean siadsan i bprionsabal na treoracha a leagadh amach i Maastricht de easnamh poiblí (a mheasann roinnt tíortha lasmuigh de chaiteachas mhíleata) teoranta ag 3 % de Tháirgeadh Imtíre Brutto agus fiacha poiblí nach sáraíonn 60 % de Táirgeadh Imtíre Brutto .
I mí Eanáir 2004, ba iad na 12 ballstáit ar chríoch an eoró ná: an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, Poblacht na hÉireann, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn. Cuir an tSlóvéin isteach i mí Eanáir 2007.
Chomh maith leo sin, tá ceithre "mhion-stát", atá ceangailte leis an gcríoch mar gheall ar chonraí airgidis lena gcomharsain: Andóra, Monacó, San Mairíne agus an Vatacáin. Tá an scéal chéanna i gKosovo agus i Montenegro, a bhaineann feidhm as an eoró mar airgead dlistineach. Bhaineadh sí feidhm as Mark na Gearmáine roimhe sin mar airgeadra.
Tá cupla tír san Aontas Eorpach nach mbaineann feidhm as an eoró:
- imeasc na stát a tháinig isteach san Aontas roimh 2004, tá an Danmhairg (ag a bhfuil cead leanúnach fanacht as, ach ag a bhfuil a cuid airgeadra ceangailte leis an eoró le córas malartúcháin ar a dtugtar MCE II), an Ríocht Aontaithe (ag a bhfuil cead leanúnach fanacht as) agus an tSualainn (a d'fhógair go dtiocfadh sí isteach san aontas airgeadra i 2003, ach nach bhfuil cead leanúnach aici fanacht as agus a chaithfidh iarracht a dhéanamh na cuspóirí a shroichint sa téarma ghearr).
- an 10 bhall nua san Aontas Eorpach, ag a bhfuil an chuid is mó ag iarraidh dul i gcríoch an eoró chomh luath agus ar féidir leo é: an Ungáir, an Phoblacht Sheiceach, an tSlóvaic, an Pholainn, Málta, an Chipir, an Liotuáin, an Laitvia agus an Eastóin. Bhí MCE II á leanúint cheana féin ag an tSlóvéin, ag an Eastóin agus ag an Liotuáin faoi Mheitheamh 2004, an chéad chéim ar a mbealach isteach i gcríoch an eoró.
Is é treoir-cháin chríocha an eoró, a shocraíonn Banc Ceannais na hEorpa, 3.25 %.