Maidhc Dainín Ó Sé
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge agus ceoltóir Gaelach ó Chiarraí is ea é Maidhc Dainín Ó Sé. Saolaíodh i gCarrachán sa bhliain 1942 é. Chaith sé na blianta fada ag obair sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ach d'fhill sé go hÉirinn sa bhliain 1969. Bhreac sé síos a chuid cuimhní cinn ó na blianta sin sa leabhar úd A Thig ná Tit Orm. Thairis sin, tá roinnt úrscéalta éadroma scríofa aige, go háirithe Dochtúir na bPiast, Greenhorn, Lilí Frainc, Tae le Tae, agus Idir Dhá Lios. D'fhoilsigh sé Corcán na dTrí gCos freisin, ina bhfuil trí ghearrscéal barrúil foilsithe faoi aon chlúdach. Bíonn a shaoltaithí Mheiriceánach le haithint ar a chuid leabhar go minic, agus iad an-chosúil le scannáin de dhéantús Hollywood, idir dhrámatúlacht, chraiceann, agus fhoréigean. Canúint sách crua a bhíonn á scríobh aige, agus é beag beann ar an ngramadach chaighdeánach, ach baineann bríomhaireacht agus beogacht lena chuid scríbhneoireachta. Ina dhiaidh sin féin, ní lón léitheoireachta do na páistí an chuid is mó acu, agus an oiread foréigin agus craicinn a bhíonn iontu.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.