Mark Haddon
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh an t-úrscéalaí Mark Haddon i 1962. Bhain sé a chuid oideachais amach i scoil Uppingham agus i gColáiste Merton, Oxford.
I 2003, bhuaigh a leabhar The Curious Incident of the Dog in the Night-time Gradam Whitbread mar leabhar na bliana sin. Tugann an leabhar léargas fírinneach ar an saol atá ag duine a bhfuil an t-uathachas air. Dar le hagallamh leis an úrscéalaí ar Powells.com, ba é sin an chéad leabhar a scríobh sé a bhí dírithe d’aonghnó ar dhaoine fásta; bhí ionadh air nuair a mhol a fhoilsitheoir dó an leabhar a mhargú i measc aosach agus páistí.
Scríobh Haddon an script d‘athchóiriú teilifíse, ar BBC, de scéal Raymond Brigg, Fungus the Bogeyman, a taispeánadh ar BBC1 i 2004.
Tá sé pósta leis an Dr Sos Eltis, comhalta de chuid Choláiste Brasenose, Oxford.