Meiriceá Láir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is réigiún í Meiriceá Láir, caol talún idir Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Ó thaobh na tíreolaíochta de, ceaptar mar chuid de Mheiriceá Thuaidh í. Is iad na tíortha idir Mheicsiceo agus an Cholóim a bhfuil sa réigiún. Tá sí 540,000 km² (208,500 míle cearnaithe) in achar. Ba stát é an réigiún, Stáit Aontaithe Mheiriceá Láir i rith an 19ú haois, ó 1823 go 1840. Tá parlaimint Mheiriceá Láir fós ann, faoin ainm Parlamento Centroamericano as Spáinnis, nó Parlacen, ach ní parlaimint náisiúnta é agus níl ionadaíocht ag gach tír i Meiriceá Láir ann.
Is iad seo a leanas na tíortha atá inti:
- An Bheilís
- Cósta Ríce
- An tSalvadóir
- Guatamala
- Hondúras
- Nicearagua
- Panama
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.