Mihi est
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is téarma Laidine é 'mihi-est' (.i. 'agam-tá'), a dhéanann tagairt don dóigh a gcuirtear 'seilbh' nó úinéireacht in iúl sna teangacha Ceilteacha. I bhformhór na dteangacha Ind-Eorpacha, is le briathar a chuirtear seo in iúl, mar shampla:
Gearmáinis: Ich habe ein Buch ('sé 'haben' an briathar) |
Béarla: I have a book ('sé 'to have' an briathar) |
Spáinnis: (Yo) tengo un libro ('sé 'tener' an briathar) |
ach
Gaeilge: Tá leabhar agam. ('ag' an réamhfhocal) |
Briotáinnis: Ul levr 'a zo ganin. ('gan' an réamhfhocal) |
Baintear úsáid as seo san bhFionlainnis (minulla on kirja), sa Rúisis (у меня книга) ('у' an réamhfhocal), agus san Araibis (لي كتاب nó عندي كتاب) (réamhfhocal 'عند' nó '-ل'), ar a laghad.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.