Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Duine de Ghaeilgeoirí móra Preispitéireacha Oirthear Uladh ab a é Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh (1808-1895). Saolaíodh i mBéal Feirste é, agus b'iad a thuismitheoirí James MacAdam, tráchtálaí crua-earraí, agus Jane Shipboy ó Chúil Raithin.
Fuair Roibeard óg cuid dá oideachas in Institiúid Acadúil Bhéal Feirste, ach is é an chuma atá ar an scéal gur fear féinteagasctha a bhí ann, an chuid is mó. Is dócha nach raibh sé á thógáil le Gaeilge, ach mar sin féin, bhí an teanga agus cuid mhór amhrán ag a uncail.
Nuair a bhí an scoil críochnaithe aige, chuaigh Roibeard ag cabhrú lena athair i gcúrsaí gnó mar phrintiseach, ach fuair James bás nuair nach raibh a mhac ach ina ghearrstócach trí bliana déag. B'éigean do Roibeard déanamh as dó féin de réir is mar a thiocfadh leis, agus thaistil sé Cúige Uladh ar fad ar lorg oibre nó slí bheatha de chineál éigin. Bhí an Ghaeilge go géar de dhíobháil air ar a chamruathar, ós rud é gurb í an t-aon teanga amháin a bhí á labhairt i gcuid mhór de na háiteanna a ghnáthaigh sé. D'fhoghlaim sé caint na ndaoine go paiteanta, agus tháinig tuiscint aige ar fhiúntas cultúrtha na teanga. Mar sin, thosaigh sé ag bailiú lámhscríbhinní agus seanscéalta Gaeilge. B'eisean a chuir i dtoll le chéile an chéad díolaim de sheanscéalta Gaeilge na cosmhuintire.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.