Steve Staunton
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Imreoir sacair gairmiúil is ea é Steve Staunton (rugadh 19 Eanáir, 1969 i nDroichead Átha, Éire), a d'imir le Liverpool agus Aston Villa i Sasana agus a d'imir dá thír. Scaoileadh é óna phost mar imreoir/bainisteoir cúnta leis an bhfoireann Sasanach Walsall ar 12 Eanáir 2006 agus an lá ina dhiadh sin fógraíodh é mar chomharba ar Brian Kerr mar bhainisteoir ar fhoireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann.
Shínigh Kenny Dalglish é do Liverpool ó Dundalk FC i 1988. D'imir sé le foireann Jack Charlton sa Chorn Domhanda san Iodáil i 1990. D'imir sé sa Chorn Domhanda freisin sna Stáit Aontaithe i 1994 agus sa Chóiré Theas/an tSeapáin i 2002.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.