Star Trek: The Original Series
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sraith teilifíse ficsean eolaíochta Meiriceánach ab ea é Star Trek (ar a dtugtar Star Trek: The Original Series anois de ghnáth chun idirdhealú a dhéanamh le sraitheanna eile atá bunaithe air). Craoladh é ar NBC ó 1966 go dtí 1969. Gene Roddenberry a chruthaigh an tsraith. Léiríodh 79 n-eipeasóid san iomlán. Cé nach raibh mórán rath ar an sraith le linn a céad reatha, tá sí anois ar cheann de na sraitheanna is rathúla ar domhan. Tá cúig sraith eile bunaithe uirthi, chomh maith le deich scannán agus na céadta leabhar. Chomh maith leis sin, tá na milliúin móidín ag Star Trek ar fud an domhain.
Agus é bunaithe sa 23ú haois, bhain Star Trek le heachtraí an U.S.S. Enterprise, Spáslong de chuid Starfleet, cabhlach spáis Chónascadh Aontaithe na bPláinéad (UFP) a bhfuil an Domhan ina bhall di. De réir na haithrise a chloistear ag tús gach eipeasóide, is é misean an Enterprise, a mhaireann cúig bhliana, ná:
- Domhain choigríocha nua a thaiscéal,
- Beocht nua agus sibhialtachtaí nua a lorg,
- Dul go crógach go háiteanna nach ndeachaigh aon duine cheana!
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.