Torino
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cathair i dtuaisceart na hIodáile í Torino, príomhchathair an réigiúin Piemonte. Tá ceanncheathrú an ghrúpa FIAT lonnaithe ann agus tá cáil uirthi mar chathair tionsclaíoch.
[athraigh] Stair
Tagann an t-ainm Torino ó Tau, focal Ceiltise a chiallaíonn sléibhte. Is féidir ainm na cathrach a aistriú ón Iodáilis mar "tarbh beag", as a dtagann an t-armas agus siombal na cathrach. Cuireadh na Taurini faoi ann in aimsir réamh-Rómhánach.