Trieste
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair Iodálach is ea í Trieste (Laidin: Tergeste, Gearmáinis agus canúint Réata-Rómánach Friuli: Triest, na teangacha Iúgslavacha: Trst) agus í suite in aice le teorainn na Slóivéine. Chaith James Joyce seal ina chónaí ansin, i dtús na fichiú haoise, agus é ag múineadh Béarla lena chuid a shaothrú. Is í Trieste príomhchathair réigiún Friuli-Venezia Giulia.