Varkaus
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair bheag in Oirthear na Fionlainne is ea í Varkaus. Sa bhliain 2005, bhí thart ar 24,000 duine ina gcónaí sa chathair.
[athraigh] Stair
Thosaigh áitreabh ag fás san áit sa chúigiú haois déag, cé gur tagraíodh do Siitinselkä - ceann de na lochanna i dtimpeallacht Varkaus - chomh fada siar leis an mbliain 1323, nuair a bhí campa geimhridh ag na Laplannaigh cois an locha sin. Bhí an áit champála seo ina marc teorainne idir an tSualainn agus an Rúis san am sin. Sa bhliain 1792, bhunaigh rí na Sualainne bunáit chabhlaigh san áit, ar ar thug na Fionlannaigh laivalinna, caisleán na long. Laivalinnankatu, nó Sráid Chaisleán na Long, atá ar cheann de na sráideanna i Varkaus, inniu féin.
Rinneadh cathair de Varkaus go hoifigiúil sa bhliain 1962.
[athraigh] Daoine clúiteacha ó Varkaus
Esa Pakarinen, aisteoir, fear grinn. Saolaíodh Esa Pakarinen i Rääkkylä, ach ina dhiaidh sin, chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i Varkaus. B'ansin a rugadh a mhac, Esa Pakarinen Junior, sa bhliain 1947, a chuaigh le haisteoireacht chomh maith.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.