Éanna Ó Cionnaith
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is polaiteoir Éireannach é Éanna Ó Cionnaith (24 Aibreán, 1951 a rugadh é) nó Enda Kenny mar is fearr atá aithne air as Béarla. Is é ceannaire Fhine Gael agus Ceannaire an Fhreasúra i nDáil Éireann é. Vótáladh isteach don chéad uair é sa bhliain 1975 ó dháilcheantar Mhaigh Eo, agus é ag teacht i gcomharbas ar a athair, Henry Kenny. Bhí sé ina Aire Turasóireachta agus Trádála ar an gcomhrialtas a mhair ón mbliain 1994 go dtí an bhliain 1997.
Rugadh Mac Uí Chionnaith i gCaisleán an Bharraigh i gCo. Mhaigh Eo. D'fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach agus ar Choláiste na hOllscoile i nGaillimh. Tá Gaeilge líofa aige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Catagóirí: Síolta | Daoine a rugadh i 1951 | Polaiteoirí na hÉireann | Baill den 20ú Dáil | Baill den 21ú Dáil | Baill den 22ú Dáil | Baill den 23ú Dáil | Baill den 24ú Dáil | Baill den 25ú Dáil | Baill den 26ú Dáil | Baill den 27ú Dáil | Baill den 28ú Dáil | Baill den 29ú Dáil | Baill den 30ú Dáil | Daoine as Contae Mhaigh Eo