Plé úsáideora:Alison
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
Cartlann | |||||||||||||
2007 | Ean | Fea | Már | Aib | Bea | Mei | Iúil | Lún | M.F | D.F | Sam | Nol | |
2008 | Ean | Fea |
Clár ábhair |
[athraigh] Stádas Riarthóra
A Alison, a chara, Bail ó Dhia ar an obair! Tá ceist agam ort agus ceann gur mhaith liom a phlé le Gabriel freisin. Feicim go bhfuil stádas riarthóra agat. Ba mhaith liom a fháil amach conas a tugadh é sin duit. Chuir mé suim i bheith i mo riarthóir roinnt míonna ó shin agus vótáileadh ar mo shon ach ní dhearnadh aon rud faoi ó shin. Tháinig cineál lagmhisneach orm faoin tionscadal caithfidh mé rá mar bhí an t-uafás oibre curtha isteach agam leis. Ní fhaca mé gur lorg tú féin stádas mar riarthóir ar an Vicipéid ach tugadh an stádas duit. Measaim go bhfuil tú ag déanamh sár-jab agus molaim thú ach ag an am céanna, braithim go bhfuil rud éigin amú nuair a d'imigh mé féin tríd an bpróiseas ar an mbealach a mholtar d'úsáideoirí (ar an leathanach seo Plé Vicipéide:Riarthóirí) agus ní raibh ort féin é a dhéanamh). Dála an scéal é, bheinn tar éis vótáil ar do shon dá mba rud é gur chuir tú iarratas isteach. Tá tú ag cur go mór leis an Vicipéid. Le meas, Nmacu 12:53, 18 Nollaig 2007 (UTC)
- Haigh, a Nmacu. Táim ach riarthóir sealadach ar an am seo. Fuair mé an "sysop bit" cúpla mí o shin as Úsáideoir:Pathoschild, steward as MetaVicí nuair a bhí fadhbanna loitiméaracht ar an vicí. Saghas éigeandáil é agus bhí Gabriel Beecham ar vicísos fada ag an am agus ní raibh aon Ghaeilge ag éinne taobh ansin. Táim im riarthóir ar Vicífhoclóir Gaeilge agus ar an Vicípéid Béarla freisin, agus sin mar a thárla. Tá an phost ach post sealadach!! :) Tá níos mó eolais sa Halla Baile anseo agus ar MetaVicí anseo.
- Tá ach maorleathach (bureaucrat) amháin anseo - Gabriel arís :) Brón, ach tá sé timpeall ach anois is arís. An féidir leat ríomhpost a chuir chugat? Aontaím go bhuil rud éigean mícheart anseo; is é an fáth go bhfuil mé féin sa phost ar an am seo. I'm only a temporary janitor, is all.
- Mise agat le mórmheas - Alison ❤ 18:11, 18 Nollaig 2007 (UTC) (tá ach Gaeilge briste agam. Bhí m'Árdteist breis is fiche bhliain ó shin!)
-
- Go raibh maith agat, a Alison, as ucht é sin a shoiléiriú. Ní fhaca mé an fógra sin sa Halla Baile go dtí anois. Tá Gabriel in ann ríomhphost a sheoladh chugam - d'ardaigh mé an cheist leis cheana. Is léir go bhfuil sé gnóthach le rudaí eile faoi láthair. Beidh deis arís ann leis an ábhar a phlé ach measaim go mbeinn in ann cúnamh a thabhairt dá mbronnfaí stádas riarthóra orm. Má tharlaíonn sé, tá mé cinnte go mbeidh mé ag lorg cúnamh uait - is léir go bhfuil ard-taithí agat mar riarthóir ar cuid de na tionscadail vicí eile - tá an t-ádh ar mhuintir na Vicipéide go bhfuil tú in ann an taithí sin a roinnt leo. Le meas, Nmacu 20:05, 19 Nollaig 2007 (UTC)
-
-
-
- Go raibh maith agat as ucht an vóta agus an moladh. Le gach dea-ghuí, Nmacu 17:32, 20 Nollaig 2007 (UTC)
-
-
-
-
-
-
- Go raibh maith agat, a Alison. Tá súil agam go mbeidh mé sách ábalta aige. Le daoine ar nós tú féin agus Guliolopez ag tabhairt cúnamh dá chéile, tá súil agam go ndéanfaimid gaisce le chéile. Ádh mór, Nmacu 14:29, 11 Eanáir 2008 (UTC)
-
-
-
[athraigh] MetaWiki request for steward
Hi stewards. I am Ali-oops on Meta and request removal of my temporary sysop rights. Two new sysops have now been appointed by the community, so it is no longer necessary. Thanks - Alison ❤ 20:41, 11 Eanáir 2008 (UTC)
- Request at meta now placed here - Alison ❤ 20:47, 11 Eanáir 2008 (UTC)
- Done, thank You for Your help, best regards, --Spacebirdy 20:55, 11 Eanáir 2008 (UTC)
[athraigh] Riarthóireacht arís?
Haigh Alison, Tá tú fós ag déanamh sár-obair anseo tar éis duit do riarthóireacht shealadach a thabhairt suas. Tá mise fós ag foghlaim faoi cuid de na gnéithe riarthóireachta agus nílim ag iarraidh aon rud a dhéanamh nach dtuigim fós. Buíochas le Dia tá Guliolopez i bhfad chun cinn orm ón taobh sin. Dá mbeadh suim agat feidhmiú mar riarthóir arís, ba chóir duit d'ainm a chur chun cinn ar an lch riarthóireachta. Is cinnte go dtabharfainn vóta duit agus tá mé cinnte go mbeadh úsáideoirí eile freisin. Tá scileanna agat a bheadh an-luachmhar don Vicipéid. Pé slí - má tá suim agat, nó muna bhfuil - míle buíochas arís as ucht gach rud a dhéanann tú. Nmacu 21:41, 18 Eanáir 2008 (UTC)
- Oh my! Níl fhios agam :) Táim im' riarthóir ar thoinscadail eile fós, ach is grá liom an Vicipéid. An maith leat mé féin a ainmniú ar an lch riarthóireachta, b'fhéidir (nomination, ná "nom" sa Béarla)? I would be truly honoured :) Cad a cheapann tú faoi? Ar aon nós, beidh me timpeall anseo ag déanamh mo dhícheall - Alison ❤ 19:35, 21 Eanáir 2008 (UTC)
- A Alison, a chara, Ar fáth éigin, níor léigh mé do fhreagra anseo go dtí inniu. Tá d'ainm curtha chun cinn agam ar Plé Vicipéide:Riarthóirí#Alison. Go n-éirí leat. Nmacu 12:06, 25 Eanáir 2008 (UTC)
- Míle maith agat a chará dílis. Méara 's ladhara ('s súile) trasna ;) - Alison ❤ 08:07, 27 Eanáir 2008 (UTC)
- A Alison, a chara, Ar fáth éigin, níor léigh mé do fhreagra anseo go dtí inniu. Tá d'ainm curtha chun cinn agam ar Plé Vicipéide:Riarthóirí#Alison. Go n-éirí leat. Nmacu 12:06, 25 Eanáir 2008 (UTC)
[athraigh] Buíochas
Go raibh míle, a Alison as ucht an Barnstar. Ní bheidh mé in ann díriú isteach ar an eagarthóireacht anois! Is dóigh nach bhfuil sé de rigeur ceann a thabhairt ar ais duit féín láithreach (cé go bhfuil ceann tuillte go maith agat). Fainic! Beidh orm ceann a bhronnadh ort féin nuair nach bhfuil tú ag súil leis. Beir bua agus beannacht, Nmacu 20:14, 21 Eanáir 2008 (UTC)
[athraigh] Bosca Sonraí Bogearraí
Haigh Alison, Go raibh maith agat as ucht an bosca sonraí sin a shocrú suas. Déanfaidh mé iarracht é a chur i bhfeidhm ar roinnt de na bogearraí atá leathanaigh ann dóibh. Beir bua, Nmacu 10:21, 30 Eanáir 2008 (UTC)
- Haigh Alison, Tá ceist ghinearálta ardaithe agam sa Vicipéid:Halla baile faoi teimpéid dhátheangacha a bheith againn. Bhí mé ag smaoineamh air nuair a bhí mé ag plé leis an mBosca Sonraí Bogearraí agus thug mé faoi deara go bhfuil a leithéid i bhfeidhm ar vicíanna eile. Bheadh an-suim agam do thuairimí faoina leithéid a fheiceáíl. Bheadh beagán níos mó oibre i gceist le teimpléid den chineál seo a shocrú suas ach sílim go mbeadh buntáistí móra le baint astu ó thaobh na heagarthóireachta. Le gach dea-ghuí, Nmacu 13:37, 30 Eanáir 2008 (UTC)
[athraigh] Íomhánna ó Vicipéidí eile a uaslódáil go Vicipéid Ghaeilge
Haigh a Alison! Gabh mo leithscéal as mo chuid dánachta ach chan fhuil fhios agam conas íomhánna a uaslódáil as Vicipéidí eile a uaslódáil go Vicipéid na Gaeilge. Beidh me an-bhuíoch as do chuid chabhair más féidir leat í a thabhairt dom. GRMMA, MacTire01 22:28, 3 Feabhra 2008 (UTC)
- Go raibh míle maith agat, a Alison. Tá mé an-bhuíoch as do chuid chabhair. MacTire01 09:51, 6 Feabhra 2008 (UTC)
[athraigh] Comhghairdeas!!
An "Barnstar" Bunaidh | ||
as ucht an stádas riarthóra a bhaint amach agus as ucht an díocais agus an díograis a léiríonn tú i gcónaí! Beir bua agus beannacht, Nmacu 22:54, 5 Feabhra 2008 (UTC) |