California
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Leasainm: The Golden State (Stát an Óir) | |||||
Príomhchathair | Sacramento | ||||
An chathair is mó | Los Angeles | ||||
Gobharnóir | Arnold Schwarzenegger | ||||
Teangacha oifigiúla | Béarla | ||||
Achar | 410,000 km² (3ú) | ||||
- Talamh | 404,298 km² | ||||
- Uisce | 20,047 km² (4.7%) | ||||
Daonra (2000) | |||||
- Daonra | 33,871,648 (1ú) | ||||
- Dlús daonra | 83.78 /km² (12ú) | ||||
Iontráil san Aontas | |||||
- Dáta | 9 Meán Fómhair 1850 | ||||
- Ord | 31ú | ||||
Crios ama | UTC -8/-7 | ||||
Domhanleithead | 32°30'N go dtí 42°N | ||||
Domhanfhad | 114°8'W go dtí 124°24'W | ||||
Leithead | 402.5 km | ||||
Fad | 1,240 km | ||||
Airde | |||||
- An airde is mó | 4,418 m | ||||
- Meánairde | 884 m | ||||
- An airde is lú | -86 m | ||||
Giorrúcháin | CA, US-CA | ||||
Láithreán Gréasáin | www.ca.gov |
Is stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é California. Tá sé suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Ciúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra agus an tríú stát is mó de réir achair. Is é "an Stát Órga" leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór a thángthas air sa stát in 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh. Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif.
Tá daonra dlúth i ndeisceart Chalifornia, ach tá dlús daonra níos lú i dtuaisceart Chalifornia, atá níos mó ná é. Maireann formhór an daonra laistigh de 50 míle (80 km) ón Aigéan Ciúin.
[athraigh] Ainm an Stáit
Creidtear go dtagann ainm an stáit as Las sergas de Espladián (Éachtraí Spladian), úrscéal ón 16ú haois le Garci Rodríguez de Montalvo, ina raibh oileán ann darbh ainm Califia a bhí ar nós Parthas. D'fhéadfadh sé go gciallaíonn an focal "chomh te le hoigheann" (cali > te, fornia > oigheann).
[athraigh] Tíreolaíocht
Tá raidhse mhór tíreolaíochta i gCalifornia ón gcósta san iarthar go dtí sliabhraon an Sierra Nevada san oirthear go dtí Gleann an Bháis sa deisceart - ceann de na háiteanna is teo ar domhain. Luíonn an Gleann Láir idir an t-aigéan agus na sléibhte agus is é seo an príomhshuíomh talmhaíochta sa stát.
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|