Maryland
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Leasainm: Old Line State; Free State | |||||
Príomhchathair | Annapolis | ||||
An chathair is mó | Baltimore | ||||
Gobharnóir | Martin O'Malley (D) | ||||
Teangacha oifigiúla | Níl aon. | ||||
Achar | 32,160 km² (42ú) | ||||
- Talamh | 25,406 km² | ||||
- Uisce | 6,754 km² (21.0%) | ||||
Daonra (2000) | |||||
- Daonra | 5,296,486 (19ú) | ||||
- Dlús daonra | 165.0 /km² (5ú) | ||||
Iontráil san Aontas | |||||
- Dáta | 28 Aibreán, 1788 | ||||
- Ord | 7ú | ||||
Crios ama | UTC -5/-4 | ||||
Domhanleithead | 37°53'N to 39°43'N | ||||
Domhanfhad | 75°4'W to 79°33'W | ||||
Leithead | 145 km | ||||
Fad | 400 km | ||||
Airde | |||||
- An airde is mó | 1,024 m | ||||
- Meánairde | 105 m | ||||
- An airde is lú | 0 m | ||||
Giorrúcháin | MD, US-MD | ||||
Láithreán Gréasáin | www.maryland.gov |
Stát sna Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Maryland (AIF: [ˈmæɹ.ɪ.lənd]) atá suite i lár chósta thoir na tíre. De réir an eolais is déanaí ó American Community Survey na bliana 2005, suirbhé de chuid Bhiúró Daonáireamh Mheiriceá, is é Maryland an dara stát is rachmasaí sna Stáit Aontaithe le hioncam meánach teaghlaigh de $61,592.[1]
Tá Maryland aicmithe ag Biúró Daonáireamh Mheiriceá mar cheann de Stáit an Atlantaigh Ó Dheas. Tagraítear dó mar Stát an Atlantaigh Láir chomh maith. Ba é an seachtú stát a dhaingnigh Bunreacht Mheiriceá agus tugtar Old Line State agus Free State mar leasainmneacha air. De thairbhe a staire mar Stát Teorann tá tréithe cultúrtha an Tuaiscirt agus an Deiscirt araon le sonrú ann. Go ginearálta, is i gceantair thuaithe Maryland - an tIarthar, an Deisceart, agus an tOirthear - is mó a bhfuil tréithe cultúrtha Deiscirt Mheiriceá le sonrú. Os a choinne sin, tá tréithe cultúrtha Thuaisceart Mheiriceá in uachtar i lár an stáit, thart faoi Baltimore, Washington, D.C. agus na bruachbhailte fairsinge idir eatarthu.
Is mol de chuid na heolaíochtaí beatha é Maryland le breis agus 350 gnólacht bhitheicneolaíochta lonnaithe ann, an tríú cnuasach is mó dá leithéid sa tír.[2] Ar na hinstitiúidí agus áisínteachtaí atá lonnaithe i Maryland tá Córas Ollscolaíochta Maryland, Ollscoil Johns Hopkins, Institiúid Leighis Howard Hughes, An tÚdarás Bia agus Drugaí (FDA), agus Na hInstitiúidí Náisiúnta Sláinte (NIH).
Clár ábhair |
[athraigh] Tíreolaíocht
[athraigh] Tíreolaíocht Fhisiciúil
Cé go bhfuil Maryland ar na stáit is lú ó thaobh achair de, tá ilghnéitheacht topagrafaíochta agus réimse leathan timpeallachtaí nádúrtha le fáil ann. Tugtar Mionsamhail Mheiriceá nó "America in Miniature" mar leasainm eile air dá bharr. Ar chósta thoir an stáit, ar imeall an Atlantaigh, tá oileáin chúnga chosanta ann a bhfuil tránna míne acu agus dumhcha beaga atá breactha le féar mara. Níos faide siar tá talamh mhéith íseal ina bhfuil a lán feirmeacha circeola, torthaí, agus glasraí. Tá riasca móra fairsinge in aice leis an mBá Chesapeake ach go háirithe ar an imeall thoir, chomh maith le neart oileáin bheaga agus aibhneacha fadálacha a ritheann isteach inti. Síneann an Bhá Chesapeake suas trí cheartlár Maryland, á ghearradh ina dhá leath. Is ar imeall thiar na bá atá formhór an daonra ina gcónaí. Tá Baltimore, Annapolis, agus cuid mhaith de bhruachbhailte Washington, D.C. lonnaithe sa réigiún seo. Tá talamh réchnocach taobh thiar de na cathracha seo agus éiríonn na cnoic níos airde de réir a chéile nó go bhfuil siad ina sléibhte ceart. Tá iarthar an stáit lonnaithe i lár na Sléibhte Apaláiseacha.
Tá teorainneacha ag Maryland le Pennsylvania ar an taobh ó thuaidh, le Virginia Thiar ar an taobh thiar, le Delaware agus leis an Aigéan Atlantach ar an taobh thoir, agus le Virginia ar an taobh ó dheas. Tá teorainn ag Maryland leis an gceantar cónascach Washington, D.C. chomh maith, ceantar atá suite ar thalamh a bhíodh mar chuid de Mharyland roimh bhunú na príomhchathrach. Ritheann formhór aibhneacha an stáit síos go dtí an Bhá Chesapeake, ach is sa dobhardhroim Mhississippi atá cuid d'iarthar Chondae Garrett, an condae is sia siar sa stát. Tá an phointe in airde sa stát, Sliabh Chnámh Droma nó "Backbone Mountain", lonnaithe i gcúinne iardheiscirt Chondae Garrett chomh maith, gar d'uiscí uachtair na hAbhann Potomac.
[athraigh] Aeráid
[athraigh] Stair
[athraigh] Déimeagrafaic
[athraigh] Geilleagar
[athraigh] Iompar
[athraigh] Dlí agus rialtas
[athraigh] Oideachas
[athraigh] Spóirt
[athraigh] Tagairtí
- ↑ factfinder.census.gov
- ↑ Businesses in Maryland: Biosciences Maryland Department of Business & Economic Development Eanáir 12, 2007.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Maryland.gov - Suíomh idirlín oifigiúil.
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.