Eoin Cailvín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leasaitheoir creidimh ón bhFrainc ab ea é Eoin Cailvín (Fraincis: Jean Calvin, Jean Cauvin nó Jean Chauvin, Béarla: John Calvin, Laidin: Iohannes Calvinus), 10 Iúil 1509 - 27 Bealtaine 1564. Saolaíodh Cailvín i Noyon sa Fhrainc, ach is sa Ghinéiv, an Eilvéis, a rinne sé an chuid ba mhó de shaothar a shaoil, agus b'ansin a d'éag sé fosta. D'éirigh le Cailvín stát neamhspleách Protastúnach a dhéanamh den Ghinéiv i ndiúnas ar an bPápa, agus é ábalta a chuid fealsúnachta a chur i bhfeidhm san áit. Cuirtear ina leith gur bhunaigh sé dialathas uafásach, áfach. Is é scéal Mhíchíl Servetus (nó Miguel Serveto) an rud is mó a thabhaíonn lochtú do Chailvín. Smaointeoir reiligiúnda agus leasaitheoir creidimh ón Spáinn a bhí ann agus é ag lorg tearmainn sa Ghinéiv le teacht slán ó na Pápairí. Bhí idéanna Servetus chomh radacach, áfach, is go bhfuair Cailvín féin gurbh é an rogha ab fhearr ná Servetus a chur chun báis, rud a rinneadh freisin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.