Friedrich Nietzsche
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fealsamh Gearmánach ab ea é Friedrich Wilhelm Nietzsche (Röcken-Lützen 15 Deireadh Fómhair 1844 - Weimar 25 Lúnasa 1900). Rinne sé staidéar ar na teangacha Clasaiceacha agus ar an diagacht, ach is mar fhealsamh frith-Chríostaí is mó a thabhaigh sé a cháil. Coincheap tábhachtach ina fhealsúnacht is ea é an t-osduine (Übermensch), agus mar sin, is minic a chuirtear ina leith go raibh sé ag réiteach an bhealaigh don Naitsíochas.
Ní raibh Nietzsche ach ceithre bliana fichead d'aois, nuair a bhain sé amach ollúnacht leis na Teangacha Clasaiceacha in Ollscoil Basel san Eilvéis. D'éirigh sé as an ollúnacht i gceann deich mbliana, ó bhí a shláinte ag tosú ag teip air. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag taisteal ó thír go tír, idir an Eilvéis, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin. Ní raibh ann ach scríbhneoir sách anaithnid san am sin. In aois a cheithre bliana is dhá scór, buaileadh é le galar tromchúiseach siciatrach, agus b'éigean dó a raibh fágtha dá shaol a chaitheamh faoi chúram a mháthara agus a dheirféara. Níor tharraing a chuid scríbhinní súil an tsaoil mhóir orthu ach san am seo.
I laethanta a óige, bhí Nietzsche go mór faoi thionchar Arthur Schopenhauer, a bhfuil blas mór duaircis agus éadóchais ar a chuid fealsúnachta. Ina dhiaidh sin, áfach, theastaigh ó Nietzsche duairceas Schopenhauer a chloí agus an saol a fhaomhadh.
Ina chuid scríbhneoireachta fealsúnta, rinne sé criticeoireacht chuimsitheach ar an moráltacht, ar an reiligiún, ar an bhfealsúnacht, ar an eolaíocht agus ar an ealaín. Bhí sé míshásta le meon fannlag a chomhaimsire, agus b'fhearr leis an tSean-Ghréig. Uair i ndiadh a chéile, d'ionsaigh sé moráltacht agus meitifisic na Críostaíochta. Bhí sé amhrasach i leith na fírinne mar choincheap, agus mar sin, bhí sé ina réamhtheachtaire d'fhealsúnacht an nua-aoiseachais agus an iarnua-aoiseachais. Inniu féin, is ábhar plé agus diospóireachta iad an "fonn chun cumhachta", an t-"osduine" agus an "filleadh síoraí", coincheapanna a chuir Nietzsche os ár gcomhair an chéad uair.
Tá tionchar smaointeachas Nietzsche le mothú i bhfad taobh amuigh d'earnáil na fealsúnachta, agus is iomaí tuiscint nó ciall a baineadh as a chuid saothair i rith na mblianta. Dearctar air freisin mar dhuine de scríbhneoirí móra na Gearmáinise, ó bhí stíl shnoite chríochnaithe aige a raibh luachanna móra aeistéiticiúla ag baint léi beag beann ar an ábhar.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.