Heath Ledger
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aisteoir Astrálach óg mór le rá ba ea Heathcliff Andrew Ledger (4 Aibreán 1979 – 22 Eanáir 2008). Bhain sé cáil amach i Hollywood mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i scannáin amhail The Patriot, Monster's Ball, agus Brokeback Mountain (páirt a thuill ainmniúchán Oscair dó). Bhí bailchríoch díreach curtha aige ar a ról mar 'The Joker' sa scannán The Dark Knight. Bhí sé i mbun scannán nua a dhéanamh, Imaginarium of Doctor Parnassus, nuair a fuair sé bás. D'éag sé gan choinne i Manhattan, Nua-Eabhrac. Ceaptar go raibh ródháileog piollairí suain mar thrúig bháis.[1]
[athraigh] Scannáin
Scannáin | |||
---|---|---|---|
Bliain | Teideal | Ról | Nótaí eile |
1997 | Paws | Oberon | |
Blackrock | Toby | ||
1999 | 10 Things I Hate About You | Patrick Verona | |
Two Hands | Jimmy | Ainmniúchán ón AFI fá choinne gradam | |
2000 | The Patriot | Gabriel Martin | |
2001 | Monster's Ball | Sonny Grotowski | |
A Knight's Tale | Sir William Thatcher/ Sir Ulrich von Lichtenstein of Gelderland |
||
2002 | The Four Feathers | Harry Faversham | |
2003 | The Order | Alex Bernier | |
Ned Kelly | Ned Kelly | Ainmniúchán óna Australian Film Institute Awards | |
2005 | Casanova | Giacomo Casanova | |
Brokeback Mountain | Ennis del Mar | Ainmniúcháin Oscair Ainmniúchán Golden Globe Ainmniúchán BAFTA Amniúchán Screen Actors Guild |
|
The Brothers Grimm | Jacob Grimm | ||
Lords of Dogtown | Skip Engblom | ||
2006 | Candy | Dan | |
2007 | I'm Not There. | Robbie Clark | |
2008 | The Dark Knight | The Joker | iar-tháirgíochta |
Tree of Life | níor críochnaíodh é |