Lee Harvey Oswald
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba é Lee Harvey Oswald (18 Deireadh Fómhair, 1939 – 24 Samhain, 1963) an duine a fheallmharaigh John F. Kennedy, 35ú Uachtarán na Stát Aontaithe ar 22 Samhain, 1963, i nDallas, Texas. De réir an Comisiún Warren, mharaigh Oswald freisin an póilín J. D. Tippit ar an lá céanna. Mharaigh Jack Ruby Oswald féin ar 24 Samhain.
Is iad seo na fíorais ach bíonn díospóireacht agus argóint ar siúl i gcónaí faoin eachtra seo, faoi na sonraí agus na cúiseanna. Dúirt Oswald féin nach raibh sé ach ina cheap milleáin, agus níor mharaigh sé éinne ar chor ar bith. Dúirt an House Select Committee on Assassinations (HSCA), a chruinnigh idir 1976 agus 1979, go raibh Oswald ciontach. Ach, dúirt siad freisin go raibh Oswald páirteach i dteoiric comhcheilge. I 2002, níor cheap ach 32% de na Meiriceánaigh go ndearna Oswald an jab ina aonar.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.