Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Matti Kassila - Vicipéid

Matti Kassila

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stiúrthóir scannán ón bhFionlainn is ea é Matti Olavi Kassila, a saolaíodh ar an 12 Eanáir 1924 i gKeuruu. Bhí sé ar stiúrthóirí móra na Fionlainne sna caogaidí agus sna seachtóidí.

Clár ábhair

[athraigh] Óige

Chaith Matti Kassila blianta a chéad óige i Haapamäki in aice le Keuruu, agus a athair ag obair ina thiománaí lócó, rud nach samhlófá a mhalairt le Haapamäki, ós rud é gurb ansin atá ceann de na hacomhail iarnróid is tábhachtaí san Fhionlainn. B'éigean do Matti óg éirí as an scoil nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, ach sa deireadh, ní dheachaigh sé ar an gcathéadan, nó buaileadh breoite é le diftéire, agus d'fhág an galar máchail ar a chroí. Bhain sé amach a Ardteastas sa bhliain 1942, agus bhí sé ina mheicneoir i Varkaus ag cur caoi ar thancanna a raibh fágtha de bhlianta an chogaidh.

Chuaigh sé le hamharclannaíocht i Varkaus, agus sa bhliain 1944, ghlac Amharclann an Phobail i Heilsincí leis mar ábhar aisteora. Sa bhliain 1946, chuaigh sé ag obair don chomhlacht scannánaíochta úd Suomi-Filmi, agus é ina chúntóir ag an stiúrthóir Valentin Vaala ansin. Sa bhliain 1948, arís, shocraigh an stiúrthóir Edvin Laine jab dó ag an gcomhlacht scannánaíochta ba mhó san Fhionlainn ag an am, mar atá, Suomen Filmiteollisuus. Chaith Kassila bliain amháin ansin i rannóg na ngearrscannán, ach ansin, thosaigh sé ag obair ina chúntóir ag Edvin Laine.

[athraigh] Na Caogaidí

I ndiaidh dó scannán amháin a dhéanamh in éineacht le Laine, chuaigh Kassila le stiúrthóireacht mar ealaíontóir neamhspleách. D'iarr T. J. Särkkä, ceannasaí Suomen Filmiteollisuus chuige é agus dúirt leis: "Thaispeáin tú go bhfuil tú ábalta scannán a dhéanamh. Seo scannán de do chuid féin duit anois." Thug Särkkä cnámha scéil dó agus roghnaigh sé na haisteoirí dó roimh ré, agus chrom Kassila ar an obair. I ndiaidh míosa, bhí na hoibreacha críochnaithe, agus sa bhliain 1949, tháinig an chéad phríomhscannán le Matti Kassila, an scannán grinn Isäntä soittaa hanuria ("Fear an Tí ag Seinm ar an mBosca Ceoil") ar an scáileán.

Mar ba nós do stiúrthóirí Suomen Filmiteollisuus, bhí Kassila ag obair go gasta, agus dhá scannán ag teacht uaidh in aghaidh na bliana. B'é Särkkä, an léiritheoir, a sholáthraíodh ábhar na scannán agus cnámha na scéalta. B'é an chéad scannán a chuir ainm Kassila i mbéal an phobail ná Radio tekee murron ("An Raidió ag Buirgléireacht"). Bhí an scannán grinn seo bunaithe ar fhíor-imeachtaí. Sa bhliain 1950, rinne an craoltóir Usko Santavuori éacht mór tuairisceoireachta, nuair a bhris sé isteach i siopa i Heilsincí istoíche le cur síos a thabhairt ar bhuirgléireacht le súile an bhuirgléara féin. Bhí a fhios ag ceannasaí na bpóilíní agus ag úinéir an tsiopa féin roimh ré céard a bhí idir lámhaibh ag Santavuori, ach nuair a tháinig na póilíní, shíl siad gur fíor-bhuirgléir ab ea é Santavuori. Ó chuala siad ag craoladh é, shíl siad go raibh sé ag caint le comhchoirí, agus thug siad greidimíní dó i gcomhchlos do na héisteoirí raidió, le fáil amach cá raibh an comhchoirí. Is follasach gur spreag an tuairisc seo an-chonspóid ar fud na tíre. - B'é seo ba chúlra don scannán a rinne Kassila, agus nuair a chonacthas sna pictiúrlanna é sa bhliain 1951, rinne sé fear clúiteach den stiúrthóir. Bronnadh Duais Jussi ar Kassila agus ar Hannes Häyrinen, a rinne príomhpháirt an scannáin.

Ó d'éirigh chomh maith sin le Radio tekee murron, fuair Kassila, an scriptscríbhneoir Aarne Tarkas agus an ceamaradóir Osmo Harkimo spreagadh chun comhlacht scannánaíochta dá gcuid féin a bhunú. Ní raibh mórán ratha ar an iarracht sin, áfach, agus go gairid ina dhiaidh sin, d'fhill Kassila ar Suomen Filmiteollisuus. Lean sé ar aghaidh ag déanamh dhá scannán gach bliain, idir dhrámaí agus chóiméidí. Bronnadh Duais Jussi air mar stiúrthóir sna blianta 1954 agus 1955, ar son na cóiméide Isän vanha ja uusi ("Seanbhean an Athar agus a Bhean Nua") agus an dráma Sininen viikko ("An tSeachtain Ghorm").

Sa bhliain 1955, chuaigh Kassila le hamharclannaíocht. Bhí sé i gceannas ar amharclann Pori ar dtús, agus ar Amharclann an Phobail i Heilsincí sna blianta 1957-1959. Choinnigh sé leis ag scannánaíocht, leis, ach d'fhág sé a shean-ghnólacht léiritheoireachta le dul ag obair don chomhlacht Fennada-Filmi. Rinne sé ceithre scannán don Fennada, ina measc siúd dhá cheann a bhí bunaithe ar úrscéalta tábhachtacha Fionlainnise, mar atá, Punainen viiva ("An Líne Dhearg", le hIlmari Kianto) agus Elokuu ("Lúnasa", le Frans Eemil Sillanpää).

Bhunaigh Matti Kassila agus Osmo Harkimo gnóthas léiritheoireachta scannán dá gcuid féin i ndiaidh an cheithre scannán a rinne Kassila don Fennada. Bhaist siad Harkimo & Co. ar a ngnólacht féin, ach ní dhearna siad, i ndiaidh an iomláin, ach aon scannán amháin in éineacht.

[athraigh] Na Seascaidí: Eachtraí an Chigire Palmu

Lena lá féin, bhreac an scríbhneoir Fionlannach Mika Waltari síos sraith úrscéalta bleachtaireachta faoin gcigire póilíní Palmu, agus sna seascaidí, chrom Kassila ar iad a scannánú.

[athraigh] Scannáin le Matti Kassila

  • Isäntä soittaa hanuria ("Fear an Tí ag Seinm ar an mBosca Ceoil", 1949)
  • Professori Masa ("Masa, an tOllamh", 1950)
  • Maija löytää sävelen ("Mar a d'Fhoghlaim Máire an Fonn", 1950)
  • Lakeuksien lukko ("Glas na Machairí Móra", 1951)
  • Radio tekee murron ("An Raidió ina Bhuirgléir", 1951)
  • Radio tulee hulluksi ("An Raidió ag Imeacht Bán", 1952)
  • Varsovan laulu ("Amhrán Vársá", 1953)
  • Tyttö Kuunsillalta ("An Cailín ó Dhroichead na Gealaí", 1953)
  • Sininen viikko ("An tSeachtain Ghorm",1954)
  • Hilmanpäivät ("Laethanta Hilma", 1954)
  • Isän vanha ja uusi ("Seanbhean an Athar agus a Bhean Nua", 1955)
  • Pastori Jussilainen ("An Ministir Jussilainen", 1955)
  • Elokuu ("Lúnasa", 1956)
  • Kuriton sukupolvi ("An Ghlúin gan Smacht", 1957)
  • Syntipukki ("An Ceap Milleáin", 1957)
  • Punainen viiva ("An Líne Dhearg", 1959)
  • Lasisydän ("An Croí Gloine", 1959)
  • Komisario Palmun erehdys ("An Botún a rinne an Cigire Póilíní Palmu", 1960)
  • Tulipunainen kyyhkynen ("Colúr Chomh Dearg le Tine", 1961)
  • Kaasua, komisario Palmu! ("Tiomáin leat, a Chigire Palmu", 1961)
  • Tähdet kertovat, komisario Palmu ("Ag na réaltaí atá a fhios, a Chigire Palmu", 1962)
  • Kolmen kaupungin kasvot ("Aghaidh Trí Chathair", 1963)
  • Äl' yli päästä perhanaa ("Ná Lig don Diabhal an Abhainn a Thrasnú", 1968)
  • Vodkaa, komisario Palmu ("Vodca atá ann, a Chigire Palmu", 1969)
  • Päämaja ("An Cheanncheathrú", 1970)
  • Aatamin puvussa...ja vähän Eevankin ("Fir nochta, agus cupla bean nocht", 1971)
  • Haluan rakastaa, Peter ("Grá atá uaim, a Pheter", 1972)
  • Meiltähän tämä käy ("Níl aon locht orainn ag obair", 1973)
  • Natalia (1979)
  • Niskavuori (1984)
  • Jäähyväiset presidentille ("Slán leis an Uachtarán", 1987)
  • Ihmiselon ihanuus ja kurjuus ("Aoibhneas agus Cruachás an tSaoil Dhaonna", 1988)
  • Kaikki pelissä ("An tIomlán i nGeall", 1994)
I dteangacha eile
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com