Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Fhionlainn - Vicipéid

An Fhionlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Suomen Tasavalta
Republiken Finland
Poblacht na Fionlainne
Bratach na Fionlainne Armas na Fionlainne
Bratach Armas
Mana: (Níl aon cheann ann)
Amhrán náisiúnta: Maamme
Suíomh na Fionlainne
Príomhchathair Heilsincí
60°10′ Thuaidh 24°56′ Thoir
An chathair is mó Heilsincí
Teangacha oifigiúla Fionlainnis, Sualainnis
Rialtas
Uachtarán
Príomh-aire
Poblacht
Tarja Halonen
Matti Vanhanen
Neamhspleáchas
Ón Rúis
 
1917
Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
338,145 km² (65ú)
9.4%
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh 2000
 • Dlús
 
5,299,055 (112ú)
5,299,051
16/km² (161ú)
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$163 billiún (52ú)
$34,819 (12ú)
Airgeadra Euro (€)1 (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
EET (UTC+2)
EEST (UTC+3)
Fearann Idirlín .fi, .ax
Glaochód +358
(1) Roimh 1999: an markka

an Fhionlainn suite i dtuaisceart na hEorpa, idir an tSualainn agus Murascaill Bhotnia ar an taobh thiar, agus an Rúis ar an taobh thoir. Ar an taobh ó thuaidh di tá tuaisceart na hIorua, agus ó dheas tá Murascaill na Fionlainne. Suomi a thugann muintir na Fionnlainne ar a dtír féin as Fionlainnis agus Finland as Sualainnis.

Clár ábhair

[athraigh] Daoine

Tá 5.211 milliún duine sa tír, tuairim is 556,330 acu i gcathair Heilsincí agus 1.2 milliún sa mhórchathair. Is í Túrcú in iardheisceart na tíre an dara chathair is mó, agus ba í príomhchathair na tíre go dtí go ndearna dóiteán mór léirscrios air i dtús na naoú haoise déag. B'ansin a hathraíodh an phríomhchathair go Heilsincí. Labhraíonn 93% den daonra Fionlannais, teanga nach mbaineann leis an gclann Inda-Eorpach. Is teanga de chuid teangacha Finne-Úgracha atá ann. Tá Sualainnis ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní meastar gur de náisiún eile Sualannaigh na Fionlainne, mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinne-Úgrach dá gcuid féin. Meastar go bhfuil sauna in aghaidh gach triúir sa tír, agus is gnách sauna a bheith i ngach teach nó árasán. Tá tithe saoire ag go leor daoine, go minic sna ceantair cois locha in oirthear na tíre. Tá caighdeán an-ard maireachtála sa tír, agus áirítear córas oideachais na Fionlainne ar an gceann is fearr ar domhan. Tá ríomhairí pearsanta ag 64% de theaghlaigh, agus ceangal idirlín ag 51%. Tá gutháin soghluaiste ag 95% de theaghlaigh.

[athraigh] Caitheamh Aimsire

Tá na mílte loch sa tír, agus Loch Saimaa ar na cinn is mó agus is clúití acu. Tá caisleán Savonlinna suite ar a bhruach, áit a mbíonn Féile Opera Savonlinna gach bliain. Amach ón gcósta, tá na mílte oileán. Is iad oileáin Åland idir an Fhionlainn agus an tSualann an t-oileánra is mó, agus tá cearta áirithe féinrialaithe acu. Tá an-cháil ar cheol na Fionlainne, agus clú idirnáisiúnta ar chumadóirí mar Jean Sibelius agus Kaija Saariaho, amhránaithe mar Matti Salminen agus Karita Mattila, agus stiúrthóirí ceoil mar Esa-Pekka Salonen. Tá cáil ar ailtirí na Fionlainne, freisin, mar shampla Eliel Saarinen, a mhac Eero Saarinen, agus Alvar Aalto.

[athraigh] Creideamh

Baill de chuid na hEaglaise Liútaránaí is ea iad 85.1% den daonra de réir uimhreacha na bliana 2000. Baineann thart faoi 1% leis an eaglais Cheartchreidmheach. Baineann níos lú ná 1% leis an eaglais Cheartchreidmheach, uimhreacha beaga daoine le heaglaisí éagsúla Protastúnacha eile agus leis an gCaitliceachas, agus níl aon cheangal eaglasta ag 9%.

Baineann an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne leis an Eaglais Liútaránach. Cuid mhór acu, ní thaobhaíonn siad aon teach pobail ach amháin le féilte móra na bliana a cheiliúradh. Na daoine atá gníomhach san Eaglais, bíonn baint ag a bhformhór le ceann de na gluaiseachtaí athbheochana taobh istigh den Eaglais. Bíonn difríochtaí nach beag idir na gluaiseachtaí seo, agus is ábhar iontais do go leor Fionlannaigh go bhféadfaidís treabhadh le chéile in aon eaglais amháin. Is iad lucht an Chráifeachais, nó Lucht na hAthmhúscailte, an ghluaiseacht is cóngaraí do phríomhshruth na hEaglaise, agus is ar éigean ar féidir iad a aithint mar "lucht creidimh" thar an ngnáth-Fhionlannach nach bhfuil suim aige i gcúrsaí creidimh. Níl siad róchosúil le lucht leanúna Laestadius, ar ghrúpa an-dian iad i gcleachtadh an chreidimh. Gluaiseacht iad lucht leanúna Laestadius atá bunaithe i dTuaisceart na tíre, chomh maith le ceantair thuaisceartacha na Sualainne agus na hIorua. Ainmníodh an ghluaiseacht ar Lars Levi Laestadius, eolaí agus ministéir, a chuir go tréan in aghaidh an ólacháin sna ceantair thuaisceartacha agus i measc na Laplannach. Inniu féin, déanann na Laestaidiaigh a ndícheall le hólachán, saol gnéis roimh phósadh agus frithghiniúint a sheachaint. Mar sin, bíonn teaghlaigh móra acu.

[athraigh] Gnó

Tá olltáirgeadh náisiúnta na Fionlainne €26,860 in aghaidh an duine, agus é níos airde ná figiúirí na Gearmáine, na Sualainne agus na Ríocht Aontaithe. Sa bhliain 2003, bhí olltáirgeadh intíre na Fionlainne €143 billiún ina iomláine, agus d'fhás sé 2.04 % ón mbliain dheireanach roimhe sin.

Tá gnólachtaí móra ríomhaireachta san Fhionlainn, ina measc Nokia. Bhí an sceanra ina tháirge tábhachtach freisin, ach inniu, tá gnólachtaí tábhachtacha sceanra na tíre, ar nós Fiskars i dTampere agus Marttiini, tar éis cuid mhór dá dtáirgíocht a aistriú thar lear cheana féin ar lorg costais níos lú.

[athraigh] Stair

Bhí an tír faoi smacht na Sualainne ón mbliain 1154 i leith ar feadh beagnach 700 blian. Thosaigh sé seo nuair a thug Rí Eric na Sualainne an Chríostaíocht isteach sa tír. Chuaigh an tSualannais ar aghaidh mar theanga ceannais de réir a chéile, ach chuaigh Fionlannais chun bairr arís sa 19ú Aois, le borradh an náisiúnachais Fionlannaigh a tháinig ar aghaidh nuair a scríobhadh síos eipic náisiúnta na tíre, an Kalevala.

Bhí cogadh idir an tSualainn agus an Rúis faoin Sár Alasdair I, a d'fhág an tír i lámha na Rúise ó 1809 ar aghaidh, agus ceapadh ina Ard-Dhiúcaí féinrialach í i 1812.

Ba faoin impreacht Rúiseach a d’fhan an tír go dtí Réabhlóid na Rúise, nuair a d’fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas i Nollaig 6ú 1917. Lean cogadh cathartha gearr ach fuilteach é sin i 1918, rud a d'fhág a rian ar an bpolataíocht áitiúil ar feadh blianta. I rith an Dara Chogaidh Dhomhanda, throid an Fhionlainn i gcoinne an Aontais Sóibhéidigh dhá uair: i rith Chogaidh an Gheimhridh (1939-1940) agus ansin ó 1941 go 1944 sa Chogadh a Lean. Lean an Cogadh Lappach é seo(1944-1945), nuair a throid an Fhionlainn i gcoinne Gearmáine na Naizithe.

I gconartha a síníodh i 1947 agus i 1948 leis an tAontas Sóibhéideach, bhí dualgais agus srianta ar an bhFionlainn maidir lena baint leis an A.P.S.S., agus b'éigin don Fhionlainn talamh a thabhairt suas don Rúis. (Féach: An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú.)

Mar gheall ar bhriseadh suas an Aontais Sóibhéidigh i 1991, bhí an Fhionlainn i ndán a rogha féin a dhéanamh, agus chuaigh an tír isteach san Aontas Eorpach i 1995.


I dteangacha eile
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com