Neipeailis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neipeailis (नेपाली / Nepālī) | |
---|---|
Á labhairt: | Neipeal, India, an Bhútáin |
Réigiún: | An Áise Theas |
Cainteoirí san Iomlán: | 17 milliún (mar teanga dhúchasach); 40 milliún san iomlán |
Rang: | 56 |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Ind-Iaráinis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Neipeal, Sikkim na hIndia |
Rialaithe ag: | Acadamh Teanga Neipeal |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | ne |
ISO 639-2 | nep |
ISO/DIS 639-3 | nep |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Neipeailis (Nepali) príomhtheanga Neipeal agus teanga oifigiúil na tíre. Tá sí á labhairt i Neipeal féin agus sna ceantair in aice leis an tír sin. Ceann de na teangacha Ind-Áiríocha is ea í, agus gaol dlúth aici, mar sin, leis an Hiondúis agus le cuid mhór eile de theangacha na hIndia. Tá an Neipeailis níos seanársa ná an Hiondúis, agus níl an oiread céanna d'fhocail Pheirsise in úsáid inti.
Is é Nepali an t-ainm oifigiúil ar an teanga sa teanga féin, ach tugtar Khaskura agus Gurkhali uirthi freisin. Is í teanga dhúchais na nGurcach í, dream eitneach ó Neipeal a bhí ag soláthar saighdiúirí d'arm coilíníoch na Sasanach i laethanta na hImpireachta Briotanaí.
Ní mór an Neipeailis a aithint thar an teanga Nepal Bhasa, nach bhfuil lúb ghaoil ar bith aici léi. Teanga thábhachtach í i Neipeal freisin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.