Radacarbón
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard atá i gceist leis an radacarbón ná an t-iseatóp radaighníomhach de chuid an charbóin atá ar fáil sa dúlra, nó 14-C. Is é 12-C an t-iseatóp is coitianta atá ag an gcarbón, agus sé phrótón is sé neodrón - nó dhá núicléón déag ar fad - sa núicléas aige, agus is iseatóp cobhsaí, neamh-radaighníomhach é. An radacarbón, áfach, tá dhá neodrón níos mó aige, agus is dual dó an cineál meath radaighníomhach teacht air a dtugtar béite-mheath air. Go bunúsach, iompaíonn ceann de na neodróin i núicléas an radacarbóin go prótón, ionas go gcruthaítear 14-N, iseatóp de chuid na nítrigine nach bhfuil radaighníomhach ar aon nós.
Cruthaítear radacarbón go nádúrtha thuas san atmaisféar faoi thionchar na radaíochta cosmaí. Sin í an fhoinse a sholáthraíonn adaimh nua radacarbóin de réir mar a thagann meath ar na seanchinn.
Is í an leathré atá ag an radacarbón ná timpeall ar 5700 bliain. Baintear úsáid as an radacarbón sa dátú radacarbóin. Bíonn céatadán an radacarbóin i gcarbón na n-organach beo sách do-athraithe, agus iad ag idirghníomhú leis an gcarbón ina dtimpeallacht. I ndiaidh bhás an orgánaigh, áfach, tagann laghdú ar an gcéatadán seo agus an radacarbón ag meath. Mar sin, is féidir breithiúnas a thabhairt ar aois na n-iarsmaí bitheolaíocha tríd an radaighníomhacht a fhanann iontu a thomhas.
B'iad na ceimiceoirí Sam Ruben, Meiriceánach, agus Martin Kamen, Ceanadach, a d'aithin an radacarbón mar iseatóp ar leith an chéad uair, thiar i Saotharlann Radaíochta Berkeley, ar cuid í d'Ollscoil Chailifóirnia, ar an 27ú Feabhra, 1940.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.