Seán Ó Lúing
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Ó Lúing. Rugadh i mBaile an Fhirtéirigh, Contae Chiarraí, sa bhliain 1917. Fuair a chuig meánoideachais i gCill Áirne agus rinne staidéar ar Laidin agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamall mar mhúinteoir agus bhí an stair ar cheann de na hábhair a mhúin sé. Mhéadaigh a spéis sa stair agus rinne sé taighde ar shaol chuid de thírghráthóirí móra na hÉireann, John Devoy, Ó Donnabháin Rossa, agus Art Ó Gríofa go háirithe. Foilsíodh na beathaisnéisí a scríobh sé fúthu seo, chomh maith le cuntas ar thréimhse a chaith sé ag obair sa Bhruiséal don Rannóg Aistriúcháin, áit a raibh sé ag obair tar éis dó éirí as an múinteoireacht. Fuair sé bás sa bhliain 2000.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.