Web Analytics


https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Seosamh Mac Grianna - Vicipéid

Seosamh Mac Grianna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Gaeilge ó Rinn na Feirste sna Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill ab ea é Seosamh Mac Grianna (1901-1990). Áirítear ar chlasaicigh nua-aimseartha na litríochta Gaeilge é.

Deartháir do Shéamus Ó Grianna ab ea é Seosamh, nó Joe Fheidhlimí Dhónaill Phroinsiais, mar a thugadh muintir Rinn na Feirste air. Éan corr a bhí ann ó thús, mar Sheosamh, agus ní dheachaidh sé riamh ag obair ar an Lagán ná go hAlbain, mar ba dual d'aos óg Thír Chonaill a dhéanamh. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha in éineacht lena dheartháir, agus chaith an bheirt acu an bhliain go leith roimh dheireadh an chogaidh imtheorannaithe ag an Saorstát.

Chaith Seosamh a sheal féin ag aistritheoireacht don Ghúm, agus déanta na fírinne rinne sé a lán aistriúchán a thabhaigh clú is cáil dó, go háirithe an Ghaeilge a chuir sé ar Ivanhoe le Walter Scott. Mar sin féin, bhí sé míshásta leis an bpá a fuair sé ón nGúm, agus níos míshásta fós leis an dóigh ar chaith an Gúm lena chuid bunscríbhinní. Siúd is go raibh an t-úrscéal An Druma Mór críochnaithe aige sna tríochaidí, níor tháinig sé i gcló roimh na seascaidí.

Chuaigh an cruatan go mór mór chun dochair dó, go háirithe ó thaobh na sláinte sící de. Sa bhliain 1935, agus é díreach ag scríobh úrscéil faoi shaol polaitiúil na hÉireann, buaileadh le síocóis dhúlagrach é a d'fhág ina chreapaltán é ó thaobh na haigne de, ar feadh a raibh fágtha de shaol aige. D'éist sé an obair scríbhneoireachta, agus baisteadh Dá mBíodh Ruball ar an Éan (is é sin, "dá mbeadh eireaball ar an éan", de réir an Chaighdeáin) ar an úrscéal neamhchríochnaithe. Go gairid roimh a bhás, thug an scríbhneoir le fios go raibh "ruball curtha ar an éan" aige, agus ó na laethanta sin ar aghaidh bíonn an cheist i mbéal an phobail, ar fhág Seosamh aon lámhscríbhinn ina dhiaidh a mbeadh deireadh an scéil inti. Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh Antain Mac Lochlainn úrscéal dá chuid féin, Ruball an Éin, leis an scéal a tosaíodh i leabhar Sheosaimh a chríochnú.

Chaith Seosamh an chuid is mó den am ina dhiaidh sin ag éileamh san ospidéal siciatrach. Bhí sórt cleamhnais neamhoifigiúil aige le bean agus saolaíodh mac don bheirt aige, agus chuir an bhean is an mac lámh ina mbásanna féin i bhfad sular shíothlaigh an scríbhneoir.

[athraigh] A Chuid Scríbhinní

Is iad na leabhair is tábhachtaí dár scríobh Seosamh ná Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile, An Druma Mór, Eoghan Ruadh Ó Néill, Dá mBíodh Ruball ar an Éan agus Mo Bhealach Féin.

[athraigh] A Chuid Aistí

Is í an aiste is mó le rá dár scríobh Seosamh ná Pádraic Ó Conaire. Dealraíonn sé go raibh sé meáite ar cheird an scríbhneora a tharraingt air féin ó bhí sé an-óg, ach níor thuig sé go bhféadfadh sé an cheird sin a chleachtadh trí mheán na Gaeilge sular léigh sé an chéad leabhar le hÓ Conaire. Rinne sé an-chomhionannú le Pádraic mar dhuine agus mar dheoraí, nó shíl sé gur éanacha corra den chineál céanna ab ea iad an bheirt acu. Is amhlaidh go raibh coimhthíos ar Sheosamh riamh roimh shaol na Gaeltachta féin, ach nuair a fuair sé aithne ar scríbhneoireacht Uí Chonaire, chonacthas dó nach raibh sé ina aonar a thuilleadh le mothúcháin den tsórt áirithe sin.

Is iad seanfhilí Chúige Uladh is mó atá á gcardáil sna haistí eile, idir shaol agus shaothar. Bhí Seosamh riamh míshásta leis an dearcadh díspeagúil ar fhilí Uladh a léirigh Dónall Ó Corcora ina leabhar údarásúil The Hidden Ireland, agus theastaigh uaidh a thaispeáint nach raibh aon chaill orthu i gcomparáid le filí na gcúigí eile. Bhí sé eolach ar shaol agus ar shaothar na bhfilí ón mbéaloideas, agus é ag trácht orthu mar a bheadh aithne phearsanta aige orthu. Ní dhearna sé plán mín de dhuáilcí daonna pearsanta na bhfilí ach an oiread, a mhalairt ar fad bhí sé in ann tagairt ghreannmhar a dhéanamh dóibh uaireanta.

[athraigh] Na Mórshaothair

Is é An Druma Mór an t-aon úrscéal amháin a chríochnaigh Seosamh. Ar an drochuair, ní raibh an Gúm sásta é a fhoilsiú roimh na seascaidí, nuair a bhí an leabhar tar éis a toipiciúlacht a chailleadh. Go bunúsach, tugann an leabhar seo cur síos ar an dóigh a stróiceann teacht na nua-aoise agus na polaitíochta nua-aimseartha seanchomhar na Gaeltachta as a chéile. Tá na himeachtaí suite i sráidbhaile beag ar an gcósta thiar, áit nach bhfuil aon duine in ann é féin a choinneáil beo beathaithe ach é a bheith ag rúpáil oibre ó dhubh go dubh. Is í an t-aon fhilíocht amháin atá ag na daoine seo ná paráid Lá 'le Pádraig, nó lá an Druma Mhóir. Cé go raibh an t-úrscéal críochnaithe aige chomh luath leis na tríochaidí, níor foilsíodh roimh na seascaidí é ar aon nós, rud a ghoill go mór mór ar Sheosamh.

Scríobh Seosamh an leabhar Mo Bhealach Féin faoi thionchar na scéalta faoin bhfánaíocht a chum Pádraic Ó Conaire. Maidir le "Mo Bhealach Féin", is cur síos é ar fhánaíocht Sheosaimh féin ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire. Inbhreathnú agus féinscrúdú atá ann, agus ní bhíonn sa radharcra timpeall mo dhuine go minic ach cúlra nó stáitse don dóigh a bhfuil sé ag déanamh staidéir ar imeachtaí a intinne. Má bhítear ag dul ar lorg chéad chomharthaí an ghalair intinne a chuir deireadh le caithréim scríbhneoireachta Sheosaimh i lár na dtríochaidí, beidh siad le haithint i bhfad níos soiléire ar an leabhar áirithe seo ná ar an "Ruball".

Foilsíodh an t-úrscéal neamhchríochnaithe úd Dá mBíodh Ruball ar an Éan an chéad uair mar aguisín le "Mo Bhealach Féin". Iarracht a bhí ann cur síos liteartha a thabhairt ar shaol an aosa intleachtúil sa phríomhchathair. Dá n-éireodh leis an scríbhneoir an t-úrscéal a chríochnú, an "ruball a chur leis an éan" - is é "ruball" an leagan Ultach den fhocal "eireaball" - is dócha go gcuirfeadh sé athrú cuma ar fad ar fhorbairt na litríochta Gaeilge, na húrscéalaíochta ach go háirithe. Níl an leabhar leadránach mar atá sé, nó is iomaí scig-gháire a bhaineann Seosamh as an léitheoir leis an tsúil mhagúil a chaitheann sé ar pholaitíocht agus ar chultúr na hÉireann sna tríochaidí.

An dóigh ar fágadh an t-éan gan ruball, spreag sé Antain Mac Lochlainn chun pinn leis an úrscéal Ruball an Éin a fhoilsiú sa bhliain 2005. Mar a léiríonn an teideal, iarracht atá ann an t-úrscéal neamhchríochnaithe a chríochnú faoi dheoidh.



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


I dteangacha eile
Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com