Spásteileascóp Hubble
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teileascóp is ea é Spásteileascóp Hubble a scaoileadh chun bealaigh thiar sa bhliain 1990, agus é ag timpeallú an Domhain ó sin i leith. Is féidir leis an spásteileascóp seo íomhánna i bhfad níos fearr de na réaltaí agus na reanna neimhe eile a thabhairt dúinn ná leis na teileascóip atá suite ar dhroim an domhain, ó nach bhfuil aer an atmaisféir ag cur isteach air, agus é thuas sa spás. Ní hé spásteileascóp Hubble an chéad teileascóp den chineál seo, ach is é an ceann is mó a chuir le heolas an chine dhaonna ar an domhainspás.
Tá an spásteileascóp seo ainmnithe as Edwin Hubble, réalteolaí Meiriceánach a bhí ina cheannródaí i dtaighde na réaltraí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.