Uachtarán na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.
Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháín i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlithe a reachtaíonn an Dáil.
Clár ábhair |
[athraigh] Toghadh
De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce.
[athraigh] Dualgais
Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de reir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus tá Máire Mhic Ghiolla Íosa i lár a dara tréimhse anois bail ó Dhia uirthí.
[athraigh] Cumhachtaí
I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:
- Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
- An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
- An tOireachtas a chomóradh
- Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
- Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
- Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)
[athraigh] Uachtaráin na hÉireann 1938-
Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938.
Uimhir | Ainm | Pictiúr | In oifig | As oifig | Páirtí |
---|---|---|---|---|---|
1. | Dubhghlas de hÍde | 25 Meitheamh, 1938 | 24 Meitheamh, 1945 | Ainmniúchán uile-pháirti | |
2. | Seán T. Ó Ceallaigh | 25 Meitheamh, 1945 | 24 Meitheamh, 1959 | Fianna Fáil | |
3. | Éamon de Valera | 25 Meitheamh, 1959 | 24 Meitheamh, 1973 | Fianna Fáil | |
4. | Erskine H. Childers | 24 Meitheamh, 1973 | 17 Samhain, 1974 | Fianna Fáil | |
5. | Cearbhall Ó Dálaigh | 19 Nollaig, 1974 | 22 Deireadh Fómhair, 1976 | Fianna Fáil | |
6. | Pádraig Ó hIrighile | 3 Nollaig, 1976 | 2 Nollaig, 1990 | Fianna Fáil | |
7. | Máire Mhic Róibín | 3 Nollaig, 1990 | 12 Meán Fómhair, 1997 | Lucht Oibre, Páirtí na nOibrithe agus Neamhspleáchaí |
|
8. | Máire Mhic Ghiolla Íosa | 10 Samhain, 1997 | In oifig anois | Fianna Fáil / Neamhspleách |
[athraigh] Naisc sheachtracha
Uachtaráin na hÉireann |
---|
Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Eamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.