An Clog
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Clog |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Horologium |
Ginideach Laidine | Horologii |
Nod | Hor |
Siombalaíocht | Clog urláir |
Dronairde | 3 h |
Diallas | −60° |
Achar | 249 céim cearnach Rangú: 58ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | α Horologii (méid 3.85) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig |
|
Tá an Clog ar cheann de na réaltbhuíonta is doiléire atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. Is é Horologium, a chiallaíonn "clog", an t-ainm Laidine a thugtar air.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
- R Hor: réalta Mira Ceti
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- NGC 1261: réaltbhraisle chruinneogach
- AM 1: réaltbhraisle chruinneogach; ceaptar gur réaltbhraisle idir-réaltrach í seo
[athraigh] Stair
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Chloig. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Clog ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
Ar dtús thug Lacaille an t-ainm Fraincise l'Horloge ar an réaltbhuíon seo, ainm a d'aistrigh se go dtí an Laidin mar Horologium Oscillitorium ar Coelum Australe Stelliferum, le honóir do Christian Huygens, an t-eolaí Ollannach a d'fhionn an clog luascadáin. Idir sin is tráthas giorraíodh an t-ainm ag an Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta chun é a dhéanamh níos lú foclach.
[athraigh] Miotaseolaíocht
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Clog ar shuíomh Robin Gatter
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Clog agus miotaseolaíocht an Domhain
- an Clog ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Clog
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Clog
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |