An Dealbhóir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Dealbhóir |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Sculptor |
Ginideach Laidine | Sculptoris |
Nod | Scl |
Siombalaíocht | Dealbhóir |
Dronairde | 0 h |
Diallas | −30° |
Achar | 475 céim cearnach Rangú: 36ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
|
Réalta is gile | α Scl (méid 4.31) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +50° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain |
|
Tá an Dealbhóir ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. An tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh an réaltbhuíon seo. Ar dtús d'ainmnigh sé as ceárta dhealbhóra – L'Atelier du Sculpteur as Fraincis, nó Apparatus Sculptoris as Laidin – ach giorraíodh an t-ainm go Sculptor (sin le rá, "an Dealbhóir") idir sin is tráthas.
Tá pol theas an Réaltra le feiceáil ar réaltbhuíon an Dealbhóra.
Le feiceáil fosta ar an réaltbhuíon seo atá Abhacréaltra an Dealbhóra (dá ngairtear freisin Córas an Dealbhóra), abhacréaltra atá páirteach sa Ghrúpa Áitiúil; agus Grúpa an Dealbhóra, an bhraisle réaltraí is giorra don Ghrúpa Áitiúil.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
- ε Scl: déréalta
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- NGC 55: réaltra bíseach
- NGC 253: réaltra bíseach
- NGC 288: réaltbhraisle chruinneogach
[athraigh] Stair
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Dealbhóra. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Dealbhóir ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
L’Atelier du Sculpteur an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an reáltbhuíon seo ar dtús, rud a chiallaíonn Saotharlann an Dealbhóra; Apparatus Sculptoris an t-ainm Laidine a thugtar uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, ach giorraíodh an t-ainm seo go Sculptor idir sin is tráthas.
[athraigh] Miotaseolaíocht
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Dealbhóir ar shuíomh Robin Gatter
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Dealbhóir agus Miotaseolaíocht an Domhain
- an Dealbhóir ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Dealbhóir
- Grúpa an Dealbhóra
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |