An Micreascóp
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Micreascóp |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Microscopium |
Ginideach Laidine | Microscopii |
Nod | Mic |
Siombalaíocht | Micreascóp |
Dronairde | 21 h |
Diallas | −36° |
Achar | 210 céim cearnach Rangú: 66ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | γ Mic (méid 4.67) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +62° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair |
|
Tá an Micreascóp ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas. An tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh an réaltbhuíon seo sna blianta 1751-52. Is amhlaidh gur an-doiléir do na réaltaí de chuid na réaltbhuíne seo.
Tugtar Microscopium mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "micreascóp".
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
- α Mic: réalta dhúbailte
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
[athraigh] Stair
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Líontáin. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Micreascóp ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
Le Microscope an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an reáltbhuíon seo ar dtús. Microscopium an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, agus is é an t-ainm céanna a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.
[athraigh] Miotaseolaíocht
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Micreascóp ar shuíomh Robin Gatter
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Micreascóp agus miotaseolaíocht an Domhain
- an Micreascóp ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Micreascóp
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |