Búdachas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is creideamh é Búdachas a chuireann béim ar rinnfheitheamh chun soilsiú a fháil. Thosaigh An Búda Gautama an creideamh seo nuair a fuair sé soilsiú tar éis rinnfheitheamh a dhéanamh faoi chrann Bhodhi, de réir an finscéal.
Is é na ceithre fhírinne thriathacha agus an Caoi Údarach Ochtach bunús an chreidimh. Chun soilsiú agus nirbheána a fháil, caithfidh tú na Ceithre Fhírinne Údarach a thuiscint agus an Chaoi Údarach Ochtach a leanúint. De réir na Búdaigh, athbhreithear gach duine chomh fada nach bhfuil soilsiú aige, ach nuair a fhaigheann sé soilsiú, stopann an ciorcal athbhreithimh agus sroicheann an duine nirbheána. Dé réir finscéal an Bhúda, tá seisean ann anois.
Tá daoine ann a bhfuil soilsiú acu, nach bhfuil siad marbh fós agus nach bhfuil siad ina mBúdaí fós, is Bodhisattva iad. Is é an chúis sa shaol atá acu ná cabhair a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag lorg soilsithe. Is é Búda aon duine a bhfuil soilsiú aige.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.