Colm Cille
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Colm Cille an naomh Gaelach is mó a urramaítear go traidisiúnta i gCúige Uladh. Rugadh sa bhliain 512 é i nGartán. Bhí pór uasal ann, agus gaol aige leis na hUí Néill - le sliocht Néill Naoighiallaigh, ríthe Gaelacha Uladh. Is é Criomhthann nó Criomhachán an chéad ainm a baisteadh air, ach ós rud é go raibh sé ina aifreannach díograiseach dúthrachtach, agus é ag tarraingt ar an eaglais ó bhí sé óg, thosaigh na daoine ag tabhairt Colm na Cille air.
Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na Críostaíochta agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i gContae an Dúin agus i gCúige Laighean. Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh sé ag déanamh misinéireachta in Ultaibh. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé.
Ba dhóbair do Cholm Cille, áfach, nárbh é a shaint i léann a chaill é. Fuair sé iasacht leabhair ó Fhíonán, a bhí mar mhúinteoir aige i scoil na sagart, agus nuair a thug sé an leabhar ar ais, fuair Fíonán amach go raibh cóip den leabhar breactha síos aige. Bhí Fíonán ag éileamh go dtabharfaí an macleabhar dó chomh maith leis an mbunleabhar. D'éirigh ina chogadh dearg idir lucht leanúna na beirte eaglaiseach, agus troideadh cath mór i gContae Shligigh sular tháinig an scéal chun réitigh. Fuair Fíonán an leabhar ar ais sa deireadh - ón lá sin, thugtaí "An Cathach" ar an gcóip sin den leabhar - agus chuaigh Colm Cille ag misinéireacht in Albain mar bhreithiúnas aithrí. B'ansin a bhunaigh sé an mhainistir in Oileán Í (Í Cholm Cille), agus b'ón áit sin a chuaigh an Chríostaíocht agus an Ghaeilge i bhfairsinge ar fud na hAlban.
Fuair Colm Cille bás ina mhainistir féin in Í. Tá sé ina sheanscéal i mbéaloideas Uladh gur thug sé tairngreacht ar leaba a bháis, inar thuar sé cuid mhór de na himeachtaí nua-aimseartha. Luaigh sé, mar shampla, an mhuc dhubh sna sléibhte: is gnách an chiall a bhaint as sin gurbh í an traein agus an t-iarnród a bhí i gceist aige. Rinne Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna tagairt do thairngreacht Cholm Cille go minic ina gcuid scéalta agus scríbhinní, agus í ina hinspioráid thábhachtach acu.
[athraigh] Naisc sheachtracha
Colm Cille le Seán Bán Mac Meanman. Aire: tá an sliocht seo scríofa sa litriú réamhchaighdeánach.
Colm Cille le Pádraig Ó Fiannachta
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.