Dochtúir leighis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is duine dochtúir leighis a scrúdaíonn agus a thugann aire do dhaoine le linn sláinte agus le linn tinnis.
Tá dochtúirí ann a thugann aire ghinearálta ar fud na tíre, agus tugtar dochtúirí teaghlaigh orthu siúd. Tá dochtúirí eile ar shaineolaithe iad, agus is gnách dóibh freastal a dhéanamh ar a gcuid othar i mbailte móra. Tá cuid acu seo araon a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha.
I ndiaidh 6 bliana i ndámh an leighis in ollscoil i bPoblacht na hÉireann, nó 5 bliana i dTuaisceart Éireann, cáilíonn an mac léinn mar dhochtúir leighis, nuair a bhronntar céim ollscoile air agus nuair a bhronann an Chomhairle Leighis in Eirinn no an GMC sa Bhreatain ceadúnas teoranta leighis air. Ar feadh blian is feidir leis obair mar intern in ospidéal.
I ndiaidh sín ní sé dianstaidéar ar ghné den leigheas, cuid acu mar leigheas teaghlaigh, cuid eile idtreo a bheith ina gcomhairleoirí leighis, in aon cheann de na saineolaíochtaí nó speisialtachtaí leighis.
Bíonn air scrúdaithe bhreise a bhaint amach i ndiaidh oibriú sa ghné chéanna den leigheas, chun cáilíocht a bhaint amach ó cheann des na coláistí saineolaithe. M.sh., le aitheantas mar lia chomhairleathach a bhaint amach, bíonn ar dhochtúir leighis scrúdaithe Choláiste Ríoga um Máinliachta in Éirinn, Sasana nó ceann des na Coláistí Albanacha a bhaint amach.