Leigheas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
- Baineann an alt seo le heolaíocht agus cóir leighis. (??? fch plé)
Is é atá i gceist leis an leigheas ná an eolaíocht a bhaineann le haire don chorp agus don aigne, agus an freastal a thugann dochtúirí leighis. Is mór é a réimse, agus baineann líon mór saineolaíochtaí leis. Is dochtúirí leighis iad dochtúirí teaghlaigh nó cleachtóirí ginearálta agus nó saineolaithe leighis nó comhairleoirí araon .
Tugtar dochtúir teaghlaigh , (as Béarla, G.P. nó general practitioner) ar ghnáthdhoctúir a chleachtaíonn an leigheas go ginearálta, de ghnáth ina sheomra freastal féin. Sa lá atá inniu ann, is minice dochtúirí a bheith i gcomhchleachtadh le dochtúirí eile i gclinic, ina bhfuil ar a laghad banaltra amháin, cléireach, agus áiseanna sa bhreis nach mbeadh ar chumas dhochtúra aonair cur ar fáil.
Ar an taobh eile de, is féidir an leigheas a roinnt idir speisialachtaí galra agus córais an choirp (m.sh. liacht bhan, leigheas análaithe, néareolaíocht, nó síciatracht), aois an othair (m.sh. pédiatraíocht (liacht leanbh) nó leigheas sean-aoise), an bealach ina gcuirtear an leigheas i bhfeidhm (m.sh. máinliacht, raideolaíocht nó leigheas ginearálta), agus idir aire díreach agus déanamh agus iniúchadh scrúdaithe, m.sh. paiteolaíocht agus raideolaíocht. Cnáimhseachas a thugtar ar dhoctúir a chleachaíonn aire ban torrach chomh maith le bainistíocht na breithe féin. Ina theannta sin, tá dochtúirí a chaitheann cuid mhaith dá gcuid ama le múinteoireacht, le taighde in eolaíocht shláinte, ag obair le roinn den rialtas nó ag plé le leigheas pobail.
Ina theannta sin uilig, tá go leor cleachtóirí eile leighis nach dochtúirí leighis iad, ach a oibríonn leis an othar, go minic faoi choimirce an dochtúra leighis. M.sh., altra (banaltra an fhoirm bhaineann) a thugtar ar chleachtóir a dhéanann obair mar tabhairt piollaí agus insteallaithe, cuidiú leis an lia le linn opráide, aire othair roimh agus i ndiaidh opráide, agus mórchuid an aire ginearálta le linn d'othair bheith in ospidéil.
Ta teiripithe eile, mar shampla, a chuidíonn le h-othair le trioblóid labhairte (teiripe labhairt agus éisteachta), le trioblóid gluaiseachta (fisiateiripe) agus a thugann raidíocht (raidioteiripe).