Leath Choinn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ainm stairiúil ar an gcuid ó thuaidh d'Éireann é Leath Choinn, agus an deighilt á dhéanamh ag Eiscir Riada. Rí Gaelach sa ré ré-stairiúil a bhí i gConn, agus tar éis Mogha Nuadhat a bheith ruaigthe ón tír, d´fhill sé sin tar éis roinnt blianta. Ghabh sé seilbh ar an gcuid tíre ar a dtugtar Leath Mhogha, agus fágadh Leach Choinn ag Conn. Ach ní cosúil gur fada a d´fhan an roinnt seo, agus is cosúil gur é Eiscir Riada a choinníonn in ár gcuimhne é.