Guernica (pictiúr)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
- Is é an rud is ábhar don leathanach seo ná an bpictiúr. Más suim leat ciall eile an téarma seo, léigh Guernica (idirdhealú).
Is éard is Guernica ná ceann de na pictiúir dhaite is cáiliúla a rinne Pablo Picasso riamh. Saothar mór Ciúbachais atá ann a thaispeáineann an Buamáil Ghuernica. Choimisiúnaigh rialtas Phoblacht na Spainne an pictiúr seo ó Phicasso i ndiaidh aerbhuamáil chathair Bascach Gernika ar an 27 Aibreán 1937. Léiríonn an saothar íomhánna céasta, iad casta agus ag lúbarnaíl. Rinneadh é chun déistin agus fearg a chur in iúl i ndiaidh don Léigiún Condor ón Ghearmáin ionsaí fíochmhar buamála a dhéanamh ar an mbaile Bascach. Chuir Hitler na buamadóirí ón Léigiún Condor isteach chun tacaíocht a thabhairt do faisistigh Franco le linn Chogadh Cathartha na Spáinne. Táispeánadh an pictiúr i bpailliún na Spáinne le linn Exposition Internationale des Arts et Techniques dans la Vie Moderne i bPáras i 1937.
Tá taipéis a léiríonn macasamhail "Guernica" in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Cuireadh i bhfolach é nuair a bhí toscairí an Tí Bháin, Colin Powell agus John Negroponte, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic i 2003. Spread an eachtra seo míshasamh agus fearg i measc an phobail a bhí ag cur i gcoinne an chogaidh. Dúirt urlabhraí ó na Náisiúin Aontaithe gur rinneadh é sin mar gheall ar iarrachtaí ó lucht na meán cumarsáide, agus nach raibh cinsireacht i gceist. Dúirt taidhleoiri áfach gur chuir rialtas SAM brú ar na Náisiúin Aontaithe an taipéis a chlúdach le linn óráidí na Meiriceánach.
![]() |
Guernica |
Pablo Picasso, 1937 |
ola ar chanbhás, 349 × 776 cm |
Museo Reina Sofia, Maidrid |