Adolf Hitler
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Adolf Hitler (20 Aibreán 1889 – 30 Aibreán 1945) ina cheannaire, nó Führer, ar an nGearmáin ón mbliain 1933 go dtína bhás sa bhliain 1945. B'eisean a thosaigh ar an gcogadh ar an bPolainn, rud a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda, arbh é a thoradh é gur tháinig deireadh lena réimeas féin. Ar dtús, d'éirigh leis post an tSeansailéara, is é sin, an phríomh-aireacht, a bhaint amach, agus ansin, chuir sé Acht na gCumhachtaí i bhfeidhm, a chuir ar a chumas an tír a rialú beag beann ar an bparlaimint. Nuair a bhí sé i gceannas ar an tír, bhunaigh sé stát ollsmachtúil nár fhág cead cainte ar bith ag an bhfreasúra, agus bhain sé an chuid ba mhó de na cearta sibhialta de na saoránaigh. Rinne sé géarleanúint chruálach ar a chuid naimhde polaitiúla, ar nós na gCumannach, na nDaonlathach Sóisialta, agus a lán dreamanna eile. Bhí an ciníochas fite fuaite trína shaoldearcadh, ionas nach raibh meas an mhadra aige ar na Giúdaigh ná ar na Slavaigh. D'fhéach sé le Giúdaigh uile na hEorpa a mharú, agus leis an bplean seo - "Fuascailt Dheiridh na Ceiste Giúdaí" - a chur i bhfeidhm, thóg lucht a leanúna campaí géibhinn ar fud na hEorpa leis na Giúdaigh a thachtadh ina sluaite le gás nimhe. Nuair a bhí díormaí an Airm Dheirg ag cúngú air i mBeirlín, chuir sé lámh ina bhás féin in éineacht le boic mhóra eile an pháirtí, go háirithe Joseph Goebbels. Go gairid roimh a bhás, phós sé Eva Braun, a bhí mar leannán aige le fada.
Clár ábhair |
[athraigh] Saol
Tháinig Adolf Hitler chun saoil i mBraunau am Inn san Ostair sa bhliain 1889. Is é an ceantar cúngaigeanta tuaithe úd Waldviertel san Ostair Thíos (Niederösterreich) is fód dúchais do mhuintir Hitler. Leaganacha eile den tsloinne chéanna a bhí coitianta sa cheantar is ea iad Hittler, Hiedler agus Hütler.
Bhí Hitler ar an gceathrú páiste den tseisear a saolaíodh d'Alois Hitler agus dá bhean chéile Klara Pölzl. Fuair ceathrar acu bás go hóg. Maidir le ginealas Alois Hitler, is amhlaidh gur leanbh tabhartha a bhí ann a rugadh don chailín aimsire Anna Maria Schicklgruber. Dealraíonn sé gurbh é an feirmeoir Johann Nepomuk Hiedler as Spital i Waldviertel athair Alois, ach nuair a bhí Hitler go díreach ag éirí míchlúiteach mar thuathghríosóir, chuaigh ráflaí timpeall go raibh sinsir Ghiúdacha aige. Níl mórán bunúis leis na scéalta seo, áfach. Is dócha gurbh é an t-iriseoir Hans Habe (János Bekéssy), a chuaigh ag cur seanchas Hitler i dtús na dtríochaidí agus a d'fhoilsigh alt faoi chúlra Hitler i gceann de na nuachtáin i Vín go gairid ina dhiaidh sin, a chuir na scéalta seo ag imeacht.
Theastaigh ó Adolf óg dul le healaíontóireacht mar shlí bheatha, rud nár thaitin lena athair ar aon nós, nó bhí seisean ina státseirbhíseach den tseandéanamh, agus ní raibh ciall ar bith aigesean do na healaíona. Fuair an t-athair bás, áfach, sa bhliain 1903, agus ó bhí duine dá thuismitheoirí marbh anois, bhí pinsean beag ag dul d'Adolf ón stát.
Sa bhliain 1905, chuaigh Adolf Hitler go dtí Vín, agus é dírithe ar staidéar a dhéanamh ar an bpéintéireacht. Bhí sé ábalta tithe a tharraingt go pointeáilte, ach ní raibh aon lámh aige ar na daoine mar mhóitífeanna. Mar sin, ní raibh ach an dubheitiú ar fáil ó Acadamh na nEalaíon. D'fhan sé i Vín mar sin féin, agus é ag máinneáil thart sa chathair agus ag áitiú air féin go raibh comhábhair an ealaíontóra mhóir ann. Gheibheadh sé foscadh oíche sna tithe dídine. Scríobh sé ina leabhar "Mein Kampf" go raibh sé ar an mblár fholamh ar fad i Vín, ach is dócha go raibh sé ag teacht i dtír go réasúnta ar a phinsean agus ar an airgead a bhí ag teacht óna mháthair. Thairis sin, bhí sé ag líniú pictiúirí de thithe agus de radharcraí na cathrach, agus fuair sé cupla sciúrtóg airgid as na pictiúirí seo ó am go ham.
Sa bhliain 1907, cailleadh a mháthair le hailse. Chuaigh Hitler go Linz ansin, áit ar fhreastail sé ar an meánscoil roimhe sin. D'fhill sé go Vín sa bhliain 1909. Creidtear gurb ansin a thosaigh a dhearcadh frith-Ghiúdach ag forbairt i gceart, nó ni raibh an frith-Ghiúdachas go ródhona i measc a mhuintire - b'é an fuath ar na Seicigh ba mhó a tháinig uathu siúd. B'é tionchar Karl Lueger, Ard-Mhéara Vín, ba mhó a chuir i dtreo an fhrith-Ghiúdachais é, chomh maith leis an misteach frith-Ghiúdach Jörg Lanz von Liebenfels. De réir mar a dúirt August "Gustl" Kubizek, an cara ab fhearr a bhí aige san am sin, bhí i bhfad ní ba mhó spéise ag Hitler i gceoldrámaí Richard Wagner ná i bpolaitíocht sna blianta úd.
Sa bhliain 1913, fuair Hitler airgead le hoidhreacht a athar, agus chuaigh sé go München sa Ghearmáin. Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, liostáil sé in arm na Gearmáine sa Bhaváir. Bhí sé réasúnta cróga mar shaighdiúir, agus bhain sé amach dhá Chros Iarainn ar son a fheabhais i bpáirc an áir. Mar sin féin, ní raibh a chuid comrádaithe ródhoirte dó, ó bhí siad den bharúil go raibh sé róghéilliúil do na hoifigigh.
[athraigh] Páirtí na Naitsíthe
Bhuail Hitler le Dietrick Eckart, an fear a bhunaigh Páirtí Sóisialach Náisiúnach na nOibrithe i 1919. In Iúil 1921, thosaigh Hitler ag obair mar Führer nó ceannaire na Naitsíthe. Cuireadh i bpríosún é in Aibreán 1924, tar éis an Hitler Putsch, agus scríobh sé a leabhar Mein Kampf ("Mo Choimhlint") i bPríosún Landsberg. Tar éis 1929, bhí an Ghearmáin i ngéarchéim geilleagrach agus polaitíochta. Bhain Hitler leas as sin, agus chuir sé an locht ar Chonradh Versailles agus ar na Giúdaigh a "sháigh an Ghearmáin sa dhroim". Ba cheannaire láidir é Hitler, in am crua, agus bhí torthái maith ag na Naitsíthe sna toghcháin. Dódh an Reichstag an 27 Feabhra 1933, agus chuir Hitler an locht ar na Cumannaigh. Leis an Acht Cumasaith, fuair sé cumhachtaí deachtóra. Cuireadh cosc ar gach páirtí eile. Chun smacht a choiméad ar dhaoine agus ar an chóras pholaitiúil, bhí dhá ghrúpa paraimíleatach ag Hitler - an SA agus SS.
[athraigh] Smachtú
Leis an Gestapo agus an SS, thosaigh Hitler ag ionsaí na gCummanach agus na nGiúdach. Trí Dlíthe Nuremberg 1935, chaill na Giúdaigh an tsaoránacht Ghearmánach. Agus i 1938, shocraigh Hitler agus Joseph Goebbels Kristallnacht, oíche ionsaithe ar shiopaí agus ar theampaill Ghiúdacha. Tar éis sin, thosaigh siad an Freagra Deireanach, agus fuair tuairim is sé mhilliún Giúdach bás san Uileloscadh.
[athraigh] An Dara Cogadh Domhanda
Thosaigh Hitler ag sárú rialacha Chonradh Versailles, ceann ina dhiadh an chinn eile. Chuir sé aerfórsa mór nua le chéile, an Luftwaffe, agus bhí sé níos láidre den chuid is mó de na tíortha eile. Bhí sé ag dréim le Lebensraum, "spás maireachtála" nua don Ghearmán, agus chuaigh sé isteach i comhaontas le deachtóir faisisteach eile, Benito Mussolini na hIodáile. Chomh maith leis An Iodáil, chuaigh An tSeapáin, An Ungáir, An Rómáin agus An Bhulgáir san Axis freisin.
I Márta 1939, d'aontaigh Hitler An Ostair, a thír dhúchais, leis an Ghearmáin. Tar éis sin, rinne sé ionradh ar an Pholainn. Thosaigh An Dara Cogadh Domhanda leis sin. An bhliain in dhiaidh, thóg Hitler An Danmhairg, An Iorua, An Fhrainc, Lucsamburg agus An Bheilg. Bhí an Bhreatain Mhór níos deacra, agus chaill Hitler Cath na Breataine i 1940. I Meitheamh 1941, thosaigh Hitler a ionsaí ar an Rúis, ar thug sé Operation Barbarossa air.
[athraigh] Briseadh agus bás
Theip ar Operation Barbarossa, agus ag an am chéanna tháinig Stáit Aontaithe Mheiriceá isteach sa chogadh ar thaobh na Breataine agus na Fraince. Chaill Ernst Rommell Cath El Alamein, agus thosaigh an Airm Dearg ag teacht trasna na hEorpa. Le naimhde ar gach taobh, bhí a fhios ag Hitler go raibh an cogadh thart. Phós sé Eva Braun an 29 Aibreán 1945, agus chuir an bheirt lámh ina mbás féin an 30 Aibreán, 1945.