Náisiúin Aontaithe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach na Náisiún Aontaithe |
|
Ceanncheathrú | Manhattan, Cathair Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, SAM |
Ballraíocht | 192 stáit mar bhaill |
Teangacha oifigiúla | Araibis, Béarla, Fraincis, Rúisis, Sínis, Spáinnis |
Ard-Rúnaí | Kofi Annan |
Foirmiú | mar chomhaontas in am cogaidh: 1 Eanáir 1942 mar eagraíocht idirnáisiúnta: 24 Deireadh Fómhair 1945 |
Suíomh gréasáin oifigiúl | http://www.un.org |
Cuireadh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe (nó na Náisiúin Aontaithe de ghnáth) ar bun i 1945, tár éis don Eoraip agus tíortha eile a bheith scriosta tar éis an Dara Chogaidh Domhanda. Bhí rún ag na bunaitheoirí nach ligfí dona leithéid de shlad tárlúint arís. Cuireadh Conradh na Náisiún ar bun mar thoradh ar phlean Woodrow Wilson, uachtarán SAM, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda ach ar ndóigh, níor éirigh leis an eagraíocht sin cogadh domhanda eile a sheachaint. Tá formhór thíortha an domhain ina mbaill ar an eagraíocht.
Tá a ceanncheathrú atá suite i Nua-Eabhrac, agus tá 192 ballstáit aige. Tá 6 teangacha oifigiúla aige: Béarla, Fraincis, Spáinnis, Araibis, Sínis agus Rúisis.
Is é Ban Ki-moon (1 Eanáir 2007 ar aghaidh) ard-rúnaí na h-eagraíochta faoi láthair. Ba iad a chuid comharba ná:
- Kofi Annan (1 Eanáir 1997 - 31 Nollaig 2006)
- Boutros Boutros Ghali (1 Eanáir 1992 - 31 Nollaig 1996)
- Javier Pérez de Cuéllar (1 Eanáir 1982 - 31 Nollaig 1991)
- Kurt Waldheim (1 Eanáir 1971 - 31 Nollaig 1981)
- U Thant (3 Samhain 1961 - 31 Nollaig 1970)
- Dag Hammarskjöld (11 Aibreán 1953 - 17 Meán Fómhair 1961)
- Trygve Lie (1 Feabhra 1947 - 10 Aibreán 1953)
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.