Ronald D. Laing
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Ronald D. Laing (Nó R.D. Laing) (rugadh 7 Deireadh Fómhair 1927 agus d'éag 23 Lúnasa 1989) ina shiciatraí clúiteach sa Bhreatain. Rugadh i nGlascú é.
[athraigh] A Shaol
Tar éis dhintiúirí i leigheas agus siciatraíocht a bhaint amach d'obair Laing san arm agus i ndiaidh sin in Ollscoil Ghlascú go dtí gur fostaíodh é mar shiciatraí ins an Tavistock Clinic i Londain.
Ceann de na rudaí is aistí agus is ceannródaí dá ndearnadh sé ná gur chuaigh sé ag cónaí le hothair buailte le scitsifréine ar feadh tréimhse sách fhada i dteach i Londain sa bhliain 1965. Rinneadh scannáin faoin eachtra seo i 1972 ar a thugtar Asylum (Tearmainn).
Sa bhliain céanna, 1965, bhunaí sé an Philadelphia Association leis an sprioc, comhar leighis a chuir ar gealta i dtitheanna sabháilte sa chaoi nach mbeadh gá le cúraim dóibh in ospidéal siciatrach.
Fuair sé bás go toban agus é ag imirt leadóige i St. Tropez san Fhrainc sa bhliain 1989.
[athraigh] A Chuid Oibre
Bhain an chuid is chlúití dá chuid oibre le tréan iarracht an mhistéir a bhain le na tinneas inchinne troma a dhíbirt. Bhí sé den tuairim go raibh na tinneas seo inthuigthe i gcomhthéacs saol, caidreamh teaghlaí agus an tsochaí ina raibh an t-othar suite. Scríobh sé roinnt mhaith leabhair ar an t-ábhar seo, ina measc, The Divided Self, 1960 (An Duine Féin Roinnte) agus The Politics of Experience, 1967. (Polataíocht an dTaithí).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.