Teangacha Cugasacha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grúpa mór ilghnéitheach de theangacha is ea iad na teangacha Cugasacha, agus iad á labhairt ag corradh is deich milliún duine sna Sléibhte Cugasacha, ar theorainn na hEorpa agus na hÁise, idir an Mhuir Dhubh agus
Tá na teangacha Cugasacha ina ngrúpa mór ilghnéitheach de theangacha a labhrann níos mó ná deich milliún duine iad sa réigiún Cugasach in oirthear na hEorpa agus iarthar na hÁise, idir an Mhuir Dhubh agus an Mhuir Chaisp. Ní fine teangacha ceart é seo, nó níl gaol gach teanga acu le chéile deimhnithe ná dearbhaithe ar aon nós, cé gur féidir a rá go bhfuil foghrúpaí ann a bhfuil na teangacha iontu gaolmhar le chéile. Tá an "fhine Chugasach" bunaithe ar riachtanaisí praiticiúla an taighde, nó cé nach bhfuil na teangacha seo gaolmhar le chéile ach ar éigean, bíonn comhthréithe acu i ndiaidh na gcéadta bliain a d'imir siad tionchar ar a chéile. Mar sin, bíonn sé praiticiúil staidéar a dhéanamh ar theangacha an ghrúpa seo in éineacht nó iad a chur i gcomparáid le chéile.
Is í an tSeoirsis an teanga is tábhachtaí acu seo mar theanga chultúrtha.