Fine teangacha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard is fine teangacha ann ná grúpa teangacha a bhfuil gaol eatarthu, toisc gur eascair siad uile ón bhfréamhtheanga chéanna. De ghnáth, ní bhíonn mórán fianaise ann faoin bhfréamhtheanga sin, ós rud é nach sroicheann stair scríbhneoireachta na dteangacha a fhad sin siar san am.