Cál ceannann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saghas bia Éireannaigh is ea cál ceannann a dhéantar le brúitín, cál (nó cabáiste), im, salann agus piobar de ghnáth, ach is féidir comhábhair eile a úsáid ar nós bainne, uachtar, cainneann, oinniún, síobhas agus gairleog. Bia folláin atá ann nach gcosnaíonn mórán agus a itear ar feadh na bliana go léir.
Traidisiún amháin in Éirinn a bhaineann leis an gcál ceannann ná boinn airgid a fholmhú sa bhia um Shamhna.
[athraigh] Oideas
Na hÁbhair:
- 500gr. cabáiste, (gearrtha ina phíosaí.)
- cileagram amháin de phrátaí,
- dhá chainneann,
- cupán de bhainne úr,
- salann agus piobar,
- 25gr.im.
Déan an cabáiste agus na prátaí a bheiriú i sáspain ar leith go mbíonn siad go breá bog. Brúigh na prátaí agus an cabáiste. Cuir an dá chainneann agus an bainne isteach i saspán mór agus déan iad a bheiriú ar feadh 8-10 nóiméad nó go mbíonn na glasraí go breá bog. Cuir na prátaí bruite, an cabáiste bruite agus an t-im isteach sa sáspan seo agus brúigh na habhair go léir le chéile. Cuir an colchainneann isteach i mbabhlá mór agus bain sásamh as.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.